An Ghairm á Chothú

I ngach gné dá cuid oibre, tugann an Chomhairle faoin mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn agus faoi chultúr a chruthú ina ndéantar ról múinteoirí agus iad ag ullmhú daoine óga don saol a aithint agus a cheiliúradh. Déantar é seo ar bhealaí éagsúla.
 
DVD - Croí na Múinteoireachta
Tá DVD curtha le chéile ag an gComhairle Mhúinteoireachta, dar teideal Croí na Múinteoireachta, a dhéanann cáilíocht na múinteoireachta in Éirinn a cheiliúradh agus a dhearbhaíonn an ról a bhíonn ag múinteoirí maidir le daoine óga a ullmhú don saol. Tá a lán léirithe ann ar mhúinteoirí i mbun oibre i suímh éagsúla. Cuireadh é seo ar fáil go forleathan le cóipeanna eisithe, mar shampla, chuig gach leabharlann poiblí agus chuig gairmchomhairleoirí i ngach iar-bhunscoil. Baineann an Chomhairle úsáid as seo go leanúnach nuair a bhíonn cur i láthair á dhéanamh ar an mhúinteoireacht mar ghairm. Tá fáil ar chóipeanna ach iad a iarradh.


Meáin Chumarsáide
Tá roinnt altanna scríofa ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn agus ina measc tá:

I ngeall ar na torthaí a d’eascair ó shuirbhé, a rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta a choimisniú, faoi dhearcadh an phobail i leith na múinteoireachta, bhí roinnt clúdach náisiúnta agus a lán clúdach réigiúnda ar an ábhar. Féach, mar shampla:

Tá ailt sríofa ag an gComhairle freisin do roinnt forlíonta gairme.

Éisíonn an Chomhairle ráitis agus soiléirithe chuig na meáin ar bhonn leanúnach, de réir mar a oireann, faoi chúrsaí reatha a bhaineann lena gnó.
 
Taispeántais Ghairme
Cruthaíonn taispeántais ghairme, a dhíríonn orthu siúd a mbíonn roghanna le déanamh acu maidir lena ngairm, deis luachmhar chun an mhúinteoireacht mar ghairm a chur chun cinn. Gach bliain freastalaíonn an Chomhairle ar roinnt taispeántas gairme agus bíonn sí i dteagmháil go leanúnach le scoileanna, coláistí agus ollscoileanna faoi na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le gairm na múinteoireachta,

Lá Domhanda na Múinteoirí, 5 Deireadh Fómhair
Chuir UNESCO tús le Lá Domhanda na Múinteoirí i 1966 agus cuireann pobal an domhain 5 Deireadh Fómhair ar leath taobh gach bliain chun ceiliúradh a dhéanamh ar mhúinteoirí agus ar an ról lárnach a bhíonn acu maidir le naíonáin, leanaí, ógánaigh agus daoine fásta a chothú trí phróiseas foghlama ar feadh an tsaoil.

Mar aitheantas do Lá Domhanda Múinteoirí i 2008,  bhronn an Chomhairle Mhúinteoireachta 34 sparántachtaí taighde le mórchiste €100,000 mar chuid dá dara scéim sparántachtaí taighde. Cuireadh níos mó ná 30 alt ar fáil sna nuachtáin réigiúnacha mar thoradh ar an  ocáid bhronnta agus ó na preasráitis a bhain leis, rud a chuir an pobal ar an eolas faoin raon éagsúl taighde a bhí idir lámha i réimsí an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe ag baill de ghairm na múinteoireachta.

Seoladh an ceathrú scéim sparántachtaí taighde ar Lá Domhanda na Múinteoirí i 2009 agus bronnadh na sparántachtaí ar fhaighteoirí na scéime ar Lá na Múinteoirí 2010. Lean uaidh seo, mar thoradh ar phreasráiteas ón gComhairle, roinnt mhaith ailt sna meáin réigiúnacha.


GradIreland – Gairm sa Mhúinteoireacht in Éirinn
Cúpla bliain ó shin, thacaigh an Chomhairle le foilseachán leabhráin ar an mhúinteoireacht mar ghairm. Tá an leabhrán seo curtha ar fáil do ghréasán oifigeach gairme GradIreland agus do Threoirchomhairleoirí i ngach iar-bhunscoil.

Gliogáil anseo chun íoslódáil a dhéanamh ar Mhúinteoireacht & Oideachas 2011 
 
Teach.ie
Beidh www.teach.ie fíor-thábhachtach i stráitéis na Comhairle do chothú na gairme. Tá an t-ainm fearainn seo ceannaithe ag an gComhairle agus tá próiseas dearaidh an ghréasáin curtha i gcrích. Táthar faoi láthair ag soláthar ábhar, dréachtaí fiseán ina measc, don ghréasán seo.

Faoin gcuspóir leathan a bhaineann le cothú na múinteoireachta mar ghairm, tabharfaidh www.teach.ie  cothromaíocht do na tagairtí mí-chruinn faoin ngairm a bhíonn ar fáil go minic sna meáin náisiúnta.

Nuair a bhíonn an láithreán ullamh le seoladh, eiseoidh an Chomhairle preasráiteas agus tabharfar go díograsach faoi chlúdach d’fháil sna meáin náisiúnta.
 
Láithreán Gréasan éagsúla
Tá ábhar faoin mhúinteoireacht mar ghairm curtha ar fáil ag an gComhairle do roinnt láithreán gréasán faoi ghairmeacha.
 

 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords