Má bhíonn múinteoir cláraithe go coinníollach leis an gComhairle Mhúinteoireachta, eiseofar teastas chuige/chuici go luath tar éis na coinníollacha a bheith bainte den chlárúchán.
Scríobh an Chomhairle go dtí gach múinteoir cláraithe i 2009 ag cur deis ar fáil dóibh chun an t-ainm faoina raibh siad cláraithe a cheartú. Tá na leasuithe go léir a éilíodh curtha i bhfeidhm ag an gComhairle. Má tharlaíonn go leanann earráid in ainm an mhúinteora caithfidh sé/sí teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle ar an nguthán, ar ríomhphost nó i litir chun an litriú ceart ar a (h)ainm a chur ar fáil.
Má shíleann an múinteoir go bhfuil botún maidir leis an rannóg oideachais lena mbaineann a gcáilíochtaí, is féidir leo freisin teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle. D’fhéadfadh an Chomhairle iarradh ar an múinteoir sonraí maidir lena gcáilíochtaí a chur ar fáil (m.sh. buntrascríbhinní a gcáilíochtaí).
Is féidir Foirmeacha chun Sonraí a Athrú a fháil ó láithreán gréasáin na Comhairle trí ghliogáil anseo.
Ní chuireann an Chomhairle sonraí na n-ábhar a bhfuil aitheantas teagaisc ag an múinteoir dóibh ar an dteastas clarúcháin. Cuirtear an t-eolas ar fáil ar dhoiciméad do Dheimniú Clárúcháin a bhíonn ar fáil ar iarratas ón gComhairle.
Is é seo dáta bhunaithe na Comhairle Mhúinteoireachta agus is é an dáta nuair a bunaíodh clár na múinteoirí. Dá réir sin, ní fhéadfadh múinteoir a bheith ar an gclár roimh an dáta sin.
Sections 31(2) and (3) of The Teaching Council Act, 2001 are as follows:
31. — (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) , féadfaidh duine iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle ar chlárú.
(2) Maidir le duine —
(a) a bheidh fostaithe, roimh an lá bunaithe, mar mhúinteoir i scoil aitheanta agus a bhfuil a luach saothair i leith na fostaíochta sin á íoc as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, nó
(b) i gcás nach mbeidh sé nó sí fostaithe amhlaidh roimh an lá bunaithe, a bheidh i dteideal a bheith fostaithe amhlaidh, measfar é nó í a bheith cláraithe ar feadh tréimhse 12 mhí ón lá bunaithe.
(3) (a) Déanfaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) iarratas chuig an gComhairle ar chlárú laistigh den tréimhse a shonraítear san fho-alt sin agus, ar iarratas a dhéanamh, déanfar é nó í a chlárú. Dá réir sin, fostaíodh daoine a claraíodh faoin dá alt seo den acht mar mhúinteoirí roimh 28 Márta 2006 agus chuir siad isteach ar an gclárúchán roimh 28 Márta 2007.
Seo mar atá in Ailt 31(5) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001:
(5) Féadfaidh an Chomhairle rialacháin a dhéanamh chun daoine, seachas na daoine sin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) , a chlárú faoin alt seo, agus déanfar foráil leo maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas, ach ní gá go mbeidh siad teoranta dóibh:
(a) an fhoirm agus an modh ina ndéanfar iarratas ar chlárú;
(b ) an fhianaise dhoiciméadach agus an fhianaise eile a bheidh ag gabháil le hiarratas ar chlárú;
(c) na coinníollacha chun múinteoir a chur ar an gclár, ar coinníollacha iad a bhféadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh iontu, ach nach gá iad a bheith teoranta dóibh:
(i) cáilíochtaí;
(ii) taithí mhúinteoireachta;
(iii) feidhmiúlacht ó thaobh sláinte de;
(iv) fianaise i dtaobh carachtair,
Dá bhrí sin, ní mór do dhaoine a claraíodh faoi alt 31(5) iarratas a bheith curtha isteach acu ar an gclárúchán de réir riachtanas na Comhairle, agus an fhianaise dhoiciméadach is gá a sholáthar mar aon leis na coinníollacha a bhíonn leagtha síos ag an gComhairle don cheadú ar an gclár.
Baineann an ráiteas seo leo siúd a bhí fostaithe mar mhúinteoirí sular bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta agus a cláraíodh faoi ailt 31(2) agus (3). Ciallaíonn sé gur glacadh leis gur sásaíodh na cáiliochtaí a bhí leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta don fhostú mar mhúinteoir. Ciallaíonn sé seo freisin nach ndearna an Chomhairle Mhúinteoireachta na cáilíochtaí a mheas ar mhaithe leis an gclárúchán.
Baineann an rannóg oideachais seo leis na múinteoirí sin a shásaigh riachtanais cháilíochtaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, Meamram V7, sular bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta. Glactar leis go bhfuil na daoine atá cláraithe le cáilíochtaí a shásaigh riachtanais na rannóige oideachais seo oiriúnach chun ábhar iar-bhunoideachais a theagasc ach níl cáilíocht aitheanta iar-bhunoideachais a oireann don teagasc i meánscoil acu.
Bheadh múinteoirí a meastar go sásaíonn a gcáilíochtaí na riachtanais don rannóg oideachais seo aitheanta roimhe seo de réir cheann de na himlitreacha seo a leanas de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta:
-
Imlitir 32/92
-
Imlitir 44/00
-
Imlitir 04/04.
Déan teagmháil leis an gComhairle le do thoil chun é seo a phlé, beidh ort sonraí do cháilíochtaí a sholáthar agus d’fhéadfadh go mbeadh ort trascríbhinní cáilíochtaí a sholáthar don Chomhairle.
Ní dhéantar. Is eisiúint aon uaire a bhíonn sna teastais chlárúcháin. Ach bliain tar éis do mhúinteoir athnuachan a dhéanamh ar a c(h)lárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta, gheobhaidh sé/sí admháil don táille mar aon le cárta ballraíochta bliantúil. Beidh an admháil mar aon leis an gcárta ballraíochta seo mar fhianaise ar chlárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Tugtar teastas clárúcháin don mhúinteoir nuair a shásaítear na riachtanais uile go hiomlán. Deimhníonn an teastas gur ceadaíodh an múinteoir ar Chlár na Múinteoirí. Luaitear i mbuntásc an teastais gur chóir d’fhostóirí tagairt a dhéanamh do ghréasan idirlín na Comhairle Múinteoireachta chun stádas reatha an mhúinteora a dheimhniú.
Tugann an saoráid Cuardaigh an Clár áis ar stádas fíor-ama an mhúinteora a aimsiú. Más mian le fostóir a sheiceáil go bhfuil múinteoir cláraithe faoi láthair is féidir leis an bhfostóir uimhir chláraithe an mhúinteora a chur isteach sa chóras. Má thagann taifead cláraithe ar ais ón saoráid, bíonn an múinteoir leis an uimhir chláraithe sin cláraithe ag an am.
Muna dtagann teastas agus cruth ceart ina iomlán air, cuir ar ais sa chlúdach inar tháinig sé é go dtí an Chomhairle. Déanfaidh an Chomhairle an Teastas a atheisiúint nuair a thagann an teastas bunaidh/damáistithe ar ais.