Urramaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta cearta a húsáideoirí agus ní dhéanann sí, mar riail ghinearálta, faisnéis pearsanta d'aon chineál a bhailiú. I gcás ina dtabharfaidh úsáideoir faisnéiss pearsanta de thoil dheona i gceistneoir nó i suirbhé úsáidfear na sonraí le haghaidh taighde nó anailíse agus chuige sin amháin. I gcás brabhsála ginearálta, ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn, cé go bhfuil eolas áirithe de chineál staitistiúil ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. D'fhéadfadh sé gurb é a bheadh san eolas sin: Seoladh loighiciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat
An t-ainm fearainn barrleibhéil óna bhfaigheann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org &rl). An cineál brabhsálaí atá in úsáid agat An dáta agus an t-am a théann tú isteach inár láithreán
An seoladh Idirlín a úsáidtear chun nascadh lenár láithreán Úsáidtear roinnt den fhaisnéis thuas chun staitisticí achoimre a chruthú ar staitisticí iad a ligeann dúinn an líon cuairteoirí chuig an láithreán a mheas, cé na leathanaigh is minice a dtugtar cuairt orthu agus, i gcoitinne, cabhair a fháil i dtaca leis an láithreán a dhéanamh níos cairdiúla don úsáideoir.