Ról na Comhairle maidir le Seasamh le Caighdeáin Ghairmiúla

Tá ardchaighdeáin ghairmiúla mar shaintréith ag an múinteoireacht agus tá ról tábhachtach ag an gComhairle Mhúinteoireachta lena dheimhniú go seastar leis na caighdeáin seo ar mhaithe le gnóthaí oideachais dhaoine óga agus an tsochaí. Comhlíontar an ról trí:

  • Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí a fhoilsiú ina ndéantar cur síos ar na caighdeáin chuí don ghairm i gcleachtas agus in iompar gairmiúil
  • gearáin a thagann maidir le múinteoirí cláraithe a fhiosrú mar aon le smachtaí a chur i bhfeidhm, de réir mar a oireann.
     

Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí
Foilsíodh na Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí i 2007. Tá siad curtha i láthair i dtrí chuid. Déantar cur síos sa chéad chuid ar na croíluachanna atá mar bhunchloch leis an ngairm agus a bhíonn mar thréithe i ngach gnéith d’obair an mhúinteora. Sa dara cuid déantar cur síos ar na caighdeáin i gcleachtas gairmiúil a bhíonn á éileamh sa ghairm. Sa tríú cuid pléitear leis an iompar gairmiúil ar a n-áirítear na caighdeáin atá á éileamh don iompar gairmiúil. Nuair a cuirtear an trí chuid san áireamh, léiríonn na Cóid an chastacht a bhaineann leis an mhúinteoireacht agus í á láimhseáil le comhghleacaithe, mic léinn, tuismitheoirí, páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí mar aon leis an bpobal níos leithne. Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Cóid nó chun cóip a íoslódáil.

 

Iniúchadh ar Ghearáin

Beidh an t-iniúchadh ar ghearáin faoi oiriúnacht mhúinteoirí atá cláraithe don mhúinteoireacht mar cheann de phríomhfheidhmeanna na Comhairle Múinteoireachta.  Má déantar gearán* faoi mhúinteoir cláraithe, beidh an t-údarás ag an gComhairle an gearán a iniúchadh, plé leis an ngearán trí na nósanna imeachta araíonachta, más cuí, agus smachtbhannaí a ghearradh i gcoinne an mhúinteora a bhíonn i gceist.

Ar an raon smachtbhannaí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar chlárúchán múinteora, tá coinníollacha a chur ar an gclárúchán go dtí é/í a chur ar fionraí nó a bhaint de Chlár na Múinteoirí. ‘S éard a bheidh i gceist leis an gceann deireanach nó go ndéanfaí ceadúnas an mhúinteora don teagasc a bhaint. Is ionann a leithéid agus an ról a bhíonn ag comhlachtaí gairmiúla eile maidir le caighdeáin a rialú.
 
Níl tús feidhme curtha le feidhmeanna imscrúdaithe agus araíonachta na Comhairle, mar atá thuas, cé go dtuigeann an Chomhairle go bhfuil sé i gceist ag an Aire tús a chur leis na feidhmeanna seo sna míonna atá romhainn. Sula gcuirtear tús leis sin, tá an Chomhairle gníomhach cheana féin in ullmhú dá ról sa ghnó seo. Tá Coistí Imscrúdaithe agus Araíonachta bunaithe agus tá dréachtadh déanta ar Rialacha do Nósanna Imeachta na bPainéal Araíonachta. A luaithe agus a bhíonn tús feidhme curtha leis na soláthair reachtúla ábhartha, déanfar an leathanach seo a uasdhátú. Faoi sin, beidh fáil ar réimse ábhar treorach do bhaill an phobail, agus do mhúinteoirí cláraithe.

Idir an dá linn, níl sé ar chumas na Comhairle plé le gearáin a bhaineann le caighdeáin ghairmiúla.

*a luaitear in Acht na Comhairle Múinteoireachta mar “iarratas ar fhiosrúchán”
 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords