Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht do chaighdeáin ghairmiúla i ngairm na múinteoireachta. Éilíonn sí ardchaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht agus do mhúinteoirí a rianadh agus a chaomhnú. Déanann sí é seo ar mhaithe le daltaí agus leis an bpobal, ach chomh maith céanna do cháil na gairme. Bunaíodh í i 2006 faoin Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 agus tá 37 ball ar an gComhairle, 22 acu siúd ina múinteoirí cláraithe.
Feidhmíonn an Chomhairle, agus í mar chomhlacht ghairmiúil
don teagasc in Éirinn, mar gheatóir do
ghairm na múinteoireachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, agus ag
réimsí ar leith
d’earnáil
an bhreisoideachais. Deimhníonn an Chomhairle go seastar le caighdeáin i ngairm
na múinteoireachta trí:
- na riachtanais don iontráil chun na múinteoireachta a leagan amach
- clár múinteoirí a chothabháil a shásaíonn riachtanais chlárúcháin na Comhairle
- caighdeáin a bhunú agus a chothabháil do gach tréimhse in oideachas múinteoirí
- Cód Iompair Ghairmiúil a fhorbairt, agus
- gearáin a iniúchadh faoi oiriúnacht mhúinteoirí cláraithe don teagasc. (Tá sé i gceist tús a chur leis an bhfeidhm seo i 2012/2013.)
Tá an Chomhairle comhdhéanta de 37 comhalta mar seo a
leanas:
- Aon mhúinteoir déag bunscoile, naonúr tofa agus
beirt ainmnithe ag ceardchumann na múinteoirí
- Aon mhúinteoir déag iar-bhunscoile, seachtar
tofa agus ceathrar ainmnithe ag ceardchumainn na múinteoirí
- Beirt ainmnithe ag coláistí oideachais
- Beirt ainmnithe ag coláistí tríú leibhéal
sonraithe
- Ceathrar ainmnithe ag bainistíocht scoileannna
(beirt don bhunleibhéal agus beirt don iar-bhunleibhéal)
- Beirt ainmnithe ag cumainn tuismitheoirí (duine
don bunleibhéal agus duine don iar-bhunleibhéal)
- Cúigear ainmnithe ag an Aire Oideachais agus
Eolaíochta, lena n-áirítear ionadaí ó IBEC agus ionadaí ó ICTU.
Tá trí choiste reachtúil bunaithe ag an gComhairle mar éilítear faoi na hAchtanna um Chomhairle
Mhúinteoireachta, 2001 agus 2006. Is iad sin an Coiste Feidhmiúcháin, an Coiste
Imscrúdaithe agus an Coiste Araíonachta.
Tá trí choiste seasta bunaithe ag an gComhairle chomh maith: an Coiste
Clárúcháin, an Coiste Airgeadais agus an Coiste Oideachais.
Mar rialtóir do ghairm na múinteoireachta, deimhníonn an
Chomhairle Mhúinteoireachta go seastar le caighdeáin ghairmiúla. Déanann sí é seo
ar mhaithe le daltaí agus leis an sochaí
ach, freisin, chun cáil agus stádas na gairme a chosaint.
Beidh sochar ar iliomad bealaí don mhúinteoir ranga ó obair na
Comhairle. Clúdaíonn an obair seo:
-
Clár múinteoirí a chothabháil
Tá an chéad Chlár Múinteoirí sa Stát bunaithe le breis agus 73,000 múinteoirí cláraithe faoi láthair. Tá an clárúchán mar riachtanas do cheapacháin nua múinteoireachta agus beidh sé éigeantach don uile mhúinteoir nuair a bhíonn tús curtha le hAlt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta.
-
Iontráil chuig gairm na múinteoirí a rialú
Déanann na Rialúcháin don Chlárúchán, a foilsíodh i 2009, na caighdeáin a leagan amach agus tugtar aonfhoirmeacht bhreise do na riachtanais don chlarúchán.
-
Cáilíochtaí a mheas
Déantar na cáilíochtaí d’iarratasóirí don chlárúchán a cháilíonn lasmuigh d’Éireann a mheas lena dheimhniú go mbíonn siad inchomparáideach agus cóibhéiseach le cáilíochtaí a bronntar in Éirinn.
-
Cláir oideachas tosaigh múinteoirí a athbhreithniú agus a chreidiúnú
Déantar athbhreithniú agus creidiúnú ar an 43 clár don oideachas tosaigh múinteora in Éirinn lena dheimhniú go mbíonn siad oiriúnach don iontráil chun na gairme.
-
Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí a Athbhreithniú agus a Fhoilsiú
Déantar, trí na Cóid a fhoilsiú agus a athbhreithniú, an mhúinteoireacht a chur ar aon chéim le gairmeacha eile in Éirinn a bhfuil cóid iompair nó eiticiúla scríofa acu le blianta fada.
-
Fiosrúcháin san iompar gairmiúil a thionól
Nuair a bhíonn tús feidhme tugtha do Chuid 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, beidh ar chumas na Comhairle fiosrúcháin a chur ar bun faoi mhúinteoirí cláraithe agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, de réir mar a oireann. Tá sé i gceist go gcuirfear tús leis an bhfeidhm seo i 2012/2013.
-
Clár iontrála chun na gairme a thionól do mhúinteoirí nuacháilithe
Táthar ag súil go dtosófar ar an gClár Gairmiúil don Iontráil chun na Gairme (CGIG) a thabhairt isteach de réir a chéile ó Mheán Fómhair 2012. Clúdóidh sé seo feidhmeanna reachtúla na Comhaire Múinteoireachta maidir le múinteoirí nuacháilithe a ionduchtú chun na gairme agus maidir lena bpromhadh mar mhúinteoirí lanchláraithe. Tiocfaidh sé seo in ionad socruithe atá ann cheana féin don ionduchtú agus don phromhadh.
San obair seo go léir beidh deis ag múinteoirí, i ngeall ar
a dtromlach ionadaíochta ar an gComhairle, páirt ghníomhach a bheith acu maidir
le caighdeáin a leagan síos ina ngairm.
Bíonn sainróil ag ceardchumainn na múinteoirí sa réimse ón
tacaíocht phearsanta agus ón ionadaíocht go hidirbheartaíocht faoi phá agus
faoi choinníollacha seirbhíse.
Baineann an Chomhairle Mhúinteoireacht le gnóthaí gairmiúla
amháin.
Chun eolas a fháil maidir leo siúd ar féidir leo iarratas ar chlárúchán a dhéanamh,
gliogáil anseo.