Aitheantas Ginearálta

Tá athbhreithniú á dheanamh faoi láthair ag an gComhairle Mhúinteoireachta faoin tslí ina dtugtar aitheantas agus creidiúnú do chláir céime ar mhaithe le clárú múinteora. Tá athscrúdú á dhéanamh ag an gComhairle freisin ar na critéir atá ann faoi láthair d’ábhar curaclaim Iar-Bhunoideachais.
 
Le linn don athbhreithniú seo a bheith ag tarlú, tá stop curtha go sealadach ag an gComhairle  le hiarratais nua a ghlacadh ó Instiúid Ardoideachas (HEI) don Aitheantas Ginearálta ar chláir céime.  Idir an dá linn leanfar leis na  critéir ábhar  a chur i bhfeidhm. Is féidir le hiarratasóirí aonair a shásaíonn na riachtanais seo iarratas a chur faoi bhráid na Comhairle chun aitheantas a fháil do chéim don chlárúchán mar mhúinteoir.
 
Rachaidh an Chomhairle i dteagmháil le hInstitiúidí Ardoideachas mar chuid den athbhreithniú leanúnach agus déanfar iad a chur ar an eolas maidir le haon socruithe a athraíonn.

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords