Caithfidh múinteoirí a gclárúchán a athnuachan go bliantúil. Gach bliain roimh an dáta athnuachana cuirfear meabhrúchán mar aon le foirm athnuachana chuig gach múinteoir cláraithe ag an seoladh teagmhála is déanaí atá ar fáil dóibh.
Táille Athnuachana Clárúcháin
Is comhlacht féinrialaithe í an Chomhairle agus is trí tháillí athnuachana clarúcháin go príomha a déantar í a mhaoiniú, mar atá foráilte in Alt 23 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001. Le héifeacht ó 28 Márta 2008 socraíodh an táille athnuachana clarúcháin ag €90.
Caithfidh múinteoirí a gclárúchán a athnuachan go bliantúil roimh anspriocdháta nó déanfar táille déanach €10 (sceideal táillí na Chomhairle Mhúinteoireachta) a ghearradh. Gearrtar an tobhach seo mar chúiteamh i gcoinne costais a bhaineann le fógraí meabhrúcháin a chur chuig múinteoirí.
Íocaíocht an Táille
Is féidir an táille athnuachana clárúcháin a íoc ar bhealaí éagsúla:
- Seic, ordú poist nó dréacht bainc iníoctha leis an gComhairle Mhúinteoireachta
- Cárta creidmheasa (Visa/MasterCard amháin) nó cárta Léasair
Mar chéad rogha, is féidir an clárúchán a athnuachan ar líne le cárta creidmheasa/Léasair.
GLIOGÁIL ANSEO DON ATHNUACHAN AR LÍNE
Faoiseamh ó Cháin Ioncaim don Táille Athnuachana
Tá faomhadh tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim don Táille Athnuachana Clárúcháin mar chostas oibre i leith cánach. Dá réir sin is ionann an táille i ndairíre agus thart ar €53 sa bhliain dóibh siúd atá ag íoc cánach ag an ráta is airde.
I 2009, rinne na Coimisinéirí Ioncaim na creidmheasa cánach a ardú go huathúil i mí na Nollag do gach múinteoir a raibh an t-athnuachan curtha i bhfeidhm acu leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi 30 Meán Fómhair 2009. Ciallaíonn sé seo, go praiticiúl, gur ardaíodh creidmheas cánach gach múinteoir faoi €90, rud a ba chóir a bheith le feiscint sa dúillín pá i mí na Nollag. Do mhúinteoirí a mbíonn an ráta ard cánach á íoc acu, is é an sochar glan a bhíonn ar fáil ná €36.90. Tá sé tugtha le fios ag na Coimisinéirí Ioncaim don Chomhairle go bhfuil an creidmheas cánach seo tugtha ar aghaidh go huathúil go 2010 do na múinteoirí sin. Ní mór do mhúinteoirí a rinne an clárúchán a athnuachan i ndiaidh 1 Deireadh Fómhair 2009 teagmháil a dhéanamh lena n-oifig cánach áitiúil chun éileamh a dhéanamh ar an laghdú cánach.
Ba chóir aon cheisteanna faoin gcreidmheas cánach a chur chuig an oifig cánach áitiúil (www.revenue.ie) . Tá sé curtha in iúl ag na Coimisinéirí Ioncaim do na hoifigí áitiúla cánach go bhfuil múinteoirí i dteideal an chreidmheasa seo.
Asbhaint Ainmneacha ón gClár
De réir na bhforálacha san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, (Alt 33[1]), bíonn an clárúchán bailí ar feadh 12 mí ó dháta an chlárúcháin. Chun fanacht ar an gClár, caithfidh múinteoir cláraithe a c(h)lárúchán a athnuachan sula gcríochnaíonn tréimhse an chlárúcháin reatha. Muna ndéantar an Clárúchán a athnuachan in am, bainfidh an Chomhairle an múinteoir den Chlár”. Nuair a bhíonn siad bainte, is féidir le múinteoirí athiarratas a dhéanamh ar chlárúchán ag aon am ach beidh orthu an próiseas iomlán clárúcháin a chomhlánú, ar a n-áirítear seiceáil an Gharda Síochána mar aon le hathscríbhinní agus doiciméid thacaithe eile. Tabhair aird le do thoil nach féidir clárúchán a chur i gcríoch gan toradh sásúil ar Sheiceáil an Gharda Síochána agus, ag tréimhsí a bhíonn an –ghnóthach, d’fhéadfadh sé trí mhí a thógáil chun Seiceáil an Gharda Síochána a chur i gcríoch.
Chun eolas breise a fháil ar Athnuachana Clárúcháin féach ar ár gCeisteanna Coitianta