Is féidir leis an gComhairle duine a chlárú le coinníollacha, i gcásanna nuair nach sásaítear na riachtanais uile don chlárúchán. Cuirfidh an Chomhairle in iúl don mhúinteoir cláraithe cé na coinníollacha atá leagtha síos, na nithe is gá a dhéanamh chun na coinníollacha a shásamh, agus an scála ama ina gcaithfear iad a shásamh. Déanfar na coinníollacha a chlárú ar an gclár agus ar an litir a dhearbhaíonn an clárú. Beidh leiriú le fáil freisin ar an gclárúchán coinníollach, mar aon le nádúr na gcoinníollacha, nuair a bhíonn rochtain á fháil trí uimhir chláraithe an mhúinteora ar láithreán gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. agus caithfear na coinníollacha atá leagtha síos ag an gComhairle a shásamh laistigh de thréimhse áirithe . Nuair a shásaítear coinníollacha uile an chlárúcháin, eiseofar teastas clárúcháin don mhúinteoir cláraithe. Beidh an Chomhairle ag súil go sásóidh gach múinteoir cláraithe na coinníollacha san am a leagtar síos. Má theipeann air sin, rachaidh clárúchán an mhúinteora i léig ach amháin má thugann an Chomhairle síneadh ama.
Coinníollacha maidir le hEasnaimh Cháilíochta
Má bhíonn easnaimh sna riachtanais clárúcháin ag iarratasóir, is féidir iad a chlárú ar choinníoll go gcuireann siad na heasnaimh i gceart laistigh de thréimhse áirithe ama, nach faide de ghnáth ná trí bliana ó dháta an chlárúcháin. Tá an polasaí seo de réir Treoir Eorpach 2005/36/EC, a haistríodh go Dlí na hÉireann in Ionstraim Reachtúil Uimhir 139 de 2008.
D’fhéadfadh go n-aithneofaí easnaimh cháilíochta i gcáilíochtaí múinteoireachta réamhchéime agus/nó iarchéime, agus d’fhéadfadh easnaimh a bheith san eolas ar ábhar curaclaim; sa bhonnstaidéar ar oideachas; sa mhodheolachtaí teagaisc ar ábhar; sa chleachtadh múinteoireachta; nó san eolas ar stair agus ar struchtúr an chórais oideachais in Éirinn.
De ghnáth tugann an Chomhairle clárúchán coinníollach i ngeall ar easnaimh cháilíochta nuair a bhíonn múinteoir lán-aitheanta i ndlínse eile. Ní thugann sí clárúchán coinníollach d’iarratasóirí a bhfuil cáilíocht páirtchríochnaithe acu; nó nach bhfuil aitheantas cheana féin acu mar mhúinteoir, nó a bhfuil easnaimh fhollasacha acu ag an am a bhfuil iarratas á dhéanamh acu. Tá an polasaí seo de réir Treoir Eorpach 2005/36/EC.
Cuirtear easnaimh cháilíochta in iúl don iarratasóir nuair a chomhlánaíonn siad an próiseas clárúcháin. Coimeádtar taifead de na coinníollacha a cuirtear i bhfeidhm agus de na spriocdhátaí a bhaineann le gach ceann acu ar an gclár, agus ar an litir a dheimhníonn an clárú.
I gcásanna áirithe, iarrfar ar mhúiinteoir cláraithe coinníoll amháin a shásamh sula mbíonn orthu an dara ceann a shásamh. Mar shampla, baineann sé seo le bunmhúinteoirí a mbíonn orthu riachtanas do cháilíocht na Gaeilge a shásamh sula dtugann siad faoin tréimhse promhaidh. Ina leithéid de chásanna, ní thosaíonn an tréimhse chun an dara heasnamh a chur i gcrích go dtí go sásaítear an chéad choinníoll.
Coinníollacha Iar-Cháilíochta maidir le Promhadh agus/nó Fostaíocht Iar-Cháilíochta
Promhadh
Baineann an coinníoll maidir le tréimhse promhaidh a chomhlánú go hiomlán le Bunmhúinteoirí agus le múinteoirí cláraithe faoi Rialúchán a Trí – Montessori agus Catagóirí Eile, a bhíonn fostaithe i mbunscoileanna agus i Scoileanna Speisialta.
Le clárú go hiomlán, caithfidh gach bunmhúinteoirí tréimhse promhaidh a chomhlánú. Tá mionchuntas le fáil air seo in Imlitir na Roinne Oideachais agus Scileanna 0058/2010. Nuair a bhíonn tréimhse promhaidh comhlánaithe ag múinteoir i ndlínse eile, is féidir leis/léi iarratas a chur faoi bhráid na Comhairle Múinteoireachta chun é seo a bheith atheanta mar choinníoll an phromhaidh. I ngach cás eile, caithfidh an t-iarratasóir dul trí thréimhse promhaidh sa Stát seo. ‘S éard a bheidh i gceist leis an riachtanas promhaidh ná íosmhéid seirbhíse múinteoireachta (170 lá) agus eilimint den inniúlacht ghairmiúil i.e. cuairteanna ócáidiúla ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna, a ullmhóidh tuairisc ar oiriúnacht an mhúinteora.
Ba chóir do mhúinteoirí a thosaíonn an tseirbhís ar nó i ndiaidh 1 Meán Fómhair, 2010, a chur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta nuair a bhíonn an riachtanas maidir le 170 lá sa tseirbhís comhlánaithe acu, agus nuair a bhíonn tuairisc shásúil acu ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Ba chóir dóibh Foirm C (ar fáíl anseo) achomhlánú agus a chur ar ais nuair a bhíonn an tseirbhís mar aon leis na riachtanais inniúlachta de phróiseas an phromhaidh comhlánaithe acu. D’fhéadfadh go dtabharfaí aitheantas freisin, do riachtanas na seirbhíse, do sheirbhís múinteoireachta i mbunscoileanna le cigireacht stát lasmuigh d’Éireann.
Bíonn tréimhse trí bliana, ó dháta a gclárúchán, ag cláraithe nua uile chun aon choinníoll clárúcháin a shásamh.
Tá go dtí 31 Lúnasa 2015 ag bunmhúinteoirí a thosaigh sa tseirbhís roimh 1 Meán Fómhair 201, chun riachtanais an tréimhse promhaidh a shásamh.
Fostaíocht Iarcháilíochta (PQE) do Mhúinteoirí Iar-Bhunoideachais
Baineann an coinníoll maidir le Fostaíocht Iarcháilíochta faoi láthair le Múinteoirí Iar-Bhunoideachais, i.e. iad siúd a bhíonn cláraithe faoi Riail a Ceathair.
Le bheith lán-chláraithe mar mhúinteoir Iar-Bhunoideachais, caithfidh iarratasóir tréimhse Fostaíochta Iarcháilíochta (PQE) a chomhlánú. Caithfidh iarratasóirí fianaise a sholáthar ar 300 uair an chloig taithí múinteoireachta i scoil aitheanta agus a leithéid a bheith deimhnithe agus sínithe ag príomhoide na scoile. Caithfidh ar a laghad dhá thrian (200 uair an chloig) den taithí faofa a bheith bainteach le hachar curaclaim a mhúineadh do rang le 14 mac léinn ar a laghad. Féadfar suas leis an tríú cuid (100 uair an chloig) den taithí faofa a chomhlíonadh i róil tacaíochta foghlama, riachtanas speisialta, tacaíochta teanga nó treoirchomhairleoireachta. D’fhéadfadh go dtabharfaí aitheantas freisin, do riachtanas na seirbhíse, do sheirbhís múinteoireachta in iar-bhunscoileanna le cigireacht stát lasmuigh d’Éireann.
Ní féidir seirbhís múinteoireachta a rinneadh sular tosaíodh cáilíocht oideachas múinteoireachta, nó mar chuid den Chleachtadh Múinteoireachta a bhaineann le cáilíocht oideachas múinteora, a áireamh mar chuid den 300 uair an chloig.
Ceadaítear íosthréimhse trí bliana chun an riachtanas seo a shásamh. Nuair a bhíonn an coinníoll curtha i bhfeidhm, ba chóir do chláraithe Foirm B (ar fáil anseo) a chomhlánú, é a bheith sínithe le stampa ag príomhoide na scoile, agus ansin é a chur ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.
Achomhar ar Choinníoll Clárúcháin
Is féidir le hiarratasóir a bhfuil coinníoll clárúchán curtha i bhfeidhm air/uirthi iarratas a chur faoi bhráid na hArdchúirte chun athbhreithniú a fháil ar chinneadh na Comhairle. Tá fáil ar an doiciméad ar Phróiseas Athbhreithnithe na Comhairle ar Chinneadh anseo.
Má tharlaíonn, mar thoradh ar achomharc, nach dtagann athrú ar chinneadh na Comhairle faoi choinníollacha a chur i bhfeidhm, is féidir le hiarratasóir iarratas a chur faoi bhráid na hArdchúirte don chealú ar an gcinneadh, faoi alt 31(8) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.
Iarratas do shíneadhleis an tréimhse ama atá luaite
Muna mbíonn múinteoir cláraithe ábalta na riachtanais do choinníoll clárúcháin a shásamh laistigh den tréimhse ama atá luaite, is féidir leis nó léi iarratas a chur faoi bhráid na Comhairle do shíneadh ama. Caithfear an t-iarratas seo a dhéanamh sa bhliain ina bhfuil an tréimhse luaite le dul i léig. Caithfidh an múinteoir cur síos a thabhairt ar na deacrachtaí agus/nó na cúinsí ar leith atá ag cur cosc leis na riachtanais is gá a chur i bhfeidhm san am atá tugtha. Tabharfaidh an Chomhairle aird ar a leithéid d’iarratas i gcomhthéacs an choinníoll clárúcháin, an dul chun cinn atá déanta go dáta, agus an obair atá fós le críochnú. Déantar gach iarratas do shíneadh a mheas ar a chúinsí féin. Déantar síntí a thabhairt mar ghnathnós sna cúinsí seo a leanas:
- breoiteacht fhada a chuir cosc ar an múinteoir a bheith ag obair, nó drochthinneas ag gaol gairid dá bhfuil an múinteoir ag feidhmiú mar chúramóir
- méala a bhaineann le bás clainne nó le cleithiúnaigh
- saoire mháithreachais, atharthachta, uchtála, nó saoire gan pá ceadaithe
- gan an fhostaíocht chuí a bheith faighte ag an múinteoir chun an coinníoll a shásamh
- taisteal thar lear nó fostaíocht go fadtréimhseach lasmuigh d’Éireann
Is féidir leis an múinteoir iarratas a chur isteach ar shíneadh trí scríobh chuig an rannóg chuí den chlárúchán ag an gComhairle Mhúinteoireachta (Bunoideachas nó Iar-Bhunoideachas). Is féidir litir a dhéanann a cur síos ar na cúiseanna don iarratas ar shíneadh a sholáthar. I gcásanna áirithe, beidh gá le fianaise dhoiciméadach. Déanfaidh an Stiúrthóir nó a (h)ainmní breithmheas ar an iarratas do shíneadh. Má thagann diúltú don iarratas, is féidir leis an iarratasóir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh. Déanfadh Coiste Clárúcháin na Comhairle breithmheas ar an iarratas seo.
Clárúcháin imithe i léig: teip ar riachtanas clárúcháin a shásamh laistigh den tréimhse ama luaite
Má theipeann ar mhúinteoir cláraithe na riachtanais do chlárúchán coinníollach a chur i gcrích, agus muna gceadaítear síneadh ama, rachaidh an clárúchán i léig. Tá sé mar fhreagracht ar an múinteoir a chur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta roimh an dáta éaga, má bhíonn na riachtanais don chlárúchan curtha i gcrích go sásúil; nó rachaidh an clárúchán i léig.
Athcheadú ar chlár na múinteoirí tar éis don chlárúchán dul i léig
Más mian le múinteoir a mbíonn clarúchán imithe i léig athchead isteach a fháil ar an gclár, beidh forálacha 31(5) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta i gceist. D’fhéadfadh go mbeadh gá foirm iarratais, tras-scríbhinn, fianaise ar charachtar agus doiciméadachán tacaíochta eile a sholáthar. Caithfear na riachtanais bunaidh den choinníoll a shásamh chomh maith.
Má fhágann múinteoir a bhíonn cláraithe le coinníollacha an tseirbhís go deonach, agus ina dhiaidh sin go n-éilítear athchead isteach ar an gclár, beidh cead ag an múinteoir sin an méid ama a bhíonn fágtha ón gcéad thréimhse cláraithe chun riachtanais na gcoinníollacha a shásamh.
Sainchoinníollacha don Chlárúchán
1. Promhadh – Bunmhúinteoirí (Montessori agus catagóirí eile san áireamh)
Go dtí go nglacann an Chomhairle cúram ar ionduchtú agus promhadh i 2012, tá cur síos in Imlitir 0058/2010 ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar na socruithe don phromhadh ar mhaithe leis an gclárú do mhúinteoirí bunoideachais. Tagann an Imlitir seo in ionad Imlitir ROS 140/2006.
Le clárú go hiomlán, caithfidh gach bunmhúinteoirí tréimhse promhaidh a chomhlánú tar éis gach coinníoll clárúcháin eile a chomhlánú. Tá mionchuntas le fáil air seo in Imlitir na Roinne Oideachais agus Scileanna 0058/2010. Nuair a bhíonn tréimhse promhaidh comhlánaithe ag múinteoir i ndlínse eile, is féidir leis/léi iarratas a chur faoi bhráid na Comhairle Múinteoireachta chun é seo a bheith atheanta mar choinníoll an phromhaidh. I ngach cás eile, caithfidh an t-iarratasóir dul trí thréimhse promhaidh sa Stát seo. ‘S éard a bheidh i gceist leis an riachtanas promhaidh ná íosmhéid seirbhíse múinteoireachta (170 lá) agus eilimint den inniúlacht ghairmiúil i.e. cuairteanna ócáidiúla ó Chigire na Roinne Oideachais agus Scileanna, a ullmhóidh tuairisc ar oiriúnacht an mhúinteora.
Ba chóir do mhúinteoirí a thosaíonn an tseirbhís ar nó i ndiaidh 1 Meán Fómhair, 2010, a chur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta nuair a bhíonn an riachtanas maidir le 170 lá sa tseirbhís comhlánaithe acu, agus nuair a bhíonn tuairisc shásúil acu ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Ba chóir dóibh é seo a dhéanamh trí Fhoirm C.
Gliogáil anseo chun Foirm C a íoslódail
Ní thosaíonn an tréimhse promhaidh go dtí go mbíonn gach coinníoll clárúcháin eile curtha i gcrích go sásúil. Ón dáta sin, ceadaítear íosthréimhse trí bliana chun an coinníoll seo a shásamh
Gliogáil anseo chun níos mó a léamh faoin bPróiseas Promhaidh
Gliogáil anseo chun íoslódáil a dhéanamh ar Imlitir 57/2011 na Roinne Oideachais agus Scileanna (riachtanais clárúchain do chlarúchán bunmhúinteoirí).
2. Riachtanais na Gaeilge (ILR/RG) – Múinteoirí Bunscoile amháin
Má bhíonn iarratasóir tar éis clár oideachais do mhúinteoirí a dhéanamh lasmuigh d’Éireann, bíonn Riachtanas na Gaeilge mar choinníoll ar a c(h)lárúchán de ghnáth. Is féidir leis an iarratasóir Triail Inniúlachta (SCG – An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge) nó Tréimhse Oiriúnaithe (OCG – Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge) a chomhlánú, rud a dhearbhaíonn cumas an iarratasóra chun an Ghaeilge a theagasc mar aon le raon ábhar curaclaim a theagasc trí mheán na Gaeilge. Tugtar aitheantas agus clárúchán coinníollach/ sealadach dóibh siúd atá ag dul tríd an bpróiseas ar an riachtanais seo a chur i gcrích.
Trí bliana ar a mhéid a bhíonn ceadaithe chun an coinníoll seo a shásamh.
Both the SCG (Aptitude Test) and OCG (Adaptation Period) are administered by Coláiste Mhuire, Marino, Dublin 9. For full information visit www.ilrweb.ie
3. Easnaimh sna Cáilíochtaí (QS) – Múinteoirí Bunscoile agus Iar-Bhunscoile
Nuair a aithnítear easnaimh in iarratas múinteora, cuirtear an coinníoll maidir le hEasnaimh sna Cáilíochtaí i bhfeidhm ar chlárúchán an mhúinteora. Is féidir é seo a chur i gceart trí Thriail Inniúlachta a chomhlánú go sásúil, i.e. modúl nó cúrsa aitheanta agus/nó Scrúdú ainmnithe in ábhar ar leith; nó trí Thréimhse Inniúlachta a chomhlánú go sásúil.
Ceadaítear trí bliana ar a mhéid chun an riachtanas seo a shásamh.
4. Fostaíocht Iarcháilíochta (PQE) – Múinteoirí Iar-Bhunoideachais amháin
Le bheith láncháraithe mar mhúinteoir Iar-Bhunscoile, caithfidh gach múinteoir tréimhse Fostaíochta Iarcháilíochta (PQE) a dhéanamh. Caithfear fianaise a sholáthar ar 300 uair an chloig taithí múinteoireachta i scoil aitheanta agus a leithéid a bheith deimhnithe agus sínithe ag príomhoide na scoile. Caithfear ar a laghad 200 uair an chloig den teagasc a bheith bainteach le hachar curaclaim a mhúineadh do rang le 14 mac léinn ar a laghad. Féadfar suas le 100 uair an chloig den taithí faofa a chomhlíonadh i ról tacaíochta foghlama, riachtanas speisialta, tacaíochta teanga nó i ról treoirchomhairleoireachta.
Ceadaítear trí bliana ar a mhéid chun an riachtanas seo a shásamh.
Nuair a bhíonn an coinníoll seo comhlíonta, ba chóir d’iarratasóirí Foirm B a chomhlánú, é a bheith sínithe le stampa ag Príomhoide na Scoile agus é a chur ar ais go dtí An Chomhairle Mhúinteoireachta. Gliogáil anseo chun Foirm B a íoslódáil.
5. An ar Scrúdú Stair agus Struchtúr (S&S) – Múinteoirí Iar-bhunscoile Amháin
Má bhíonn clár oideachas múinteora déanta lasmuigh de Phoblacht na hÉireann ag iarratasóir don chlárú mar mhúinteoir Iar-Bhunoideachais, is gá dóibh eolas agus tuiscint a fháil ar stair agus ar struchtúr an chóras oideachais in Éirinn. Is féidir leo é sin a chomhlíonadh trí Thriail Inniúlachta a dhéanamh (a cuirtear ar fáil faoi dhó sa bhliain), nó trí Thréimhse Oiriúnaithe a chomhlánú i Stair agus Struchtúr an Chóras Oideachais in Éirinn.
Ceadaítear trí bliana ar a mhéid chun an riachtanas seo a shásamh.
Is féidir teacht ar eolas breise maidir leis an gcoinníoll ar Stair & Struchtúr trí ghliogáil anseo.