Múinteoirí Nuacháilithe (MNC/NQT) in Éirinn

Tá an Chomhairle tar éis próiseas iarratais sruthlínithe a fhorbairt do mhic léínn sa bhliain dheireanach dá gcúrsa oiliúna múinteoireachta ar mian leo clárú leis an gComhairle. Seo mar a fheidhmíonn sé:


Céim 1 - Tugann an Chomhairle Mhúinteoireachta cuairt ar Choláistí agus Ollscoileanna
Tugann ionadaí ón gComhairle Mhúinteoireachta cuairt ar mhic léinn sa bhliain dheireanach dá gcúrsa oiliúna mar mhúinteoirí sa choláiste nó san ollscoil lena mbaineann siad agus cuirtear iad ar an eolas faoi riachtanais chlárúcháin na Comhairle. Ar lá na cuairte, iarrtar ar mhic léinn na foirmeacha comhlánaithe a thabhairt ar ais mar seo a leanas:
 

1. Foirm Toilithe an Mhic Léinn

Tugann an fhoirm toilithe cead don choláiste nó don ollscoil sonraí teagmhála agus torthaí scrúdaithe an mhic léinn a aistriú chuig an gComhairle Mhúinteoireachta. Ba chóir an fhoirm seo a chomhlánú agus a thabhairt ar ais chui oifig an Chláraitheoira nó chuig oifig na Roinne Oideachais sa choláiste nó san ollscoil.

Má tharlaíonn nach gcomhlánaíonn mic léinn chinn bhliana an fhoirm chomhlánaithe seo, ní aistreofar a sonraí chuig an gComhairle Mhúinteoireachta agus ní chuirfear tús leis an bpróiseas clárúcháin.
 

 

2. Foirmeacha Iarratais do Sheiceáil an Gharda Síochána

Ar mhaithe leis an gclárú agus leis an bhfostaíocht, caithfidh An Garda Síochána gach múinteoir nuacháilithe a réamhsheiceáil. Ní féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta iarratas don chlárúchán a phróiseáil go dtí go mbíonn an próiseas réamhsheiceála comhlánaithe ag an iarratasóir.  Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas go bhféadfadh an próiseas seiceála suas le 10 seachtainí a thógáil. Maidir le heolas breise, féach le do thoil ar an rannóg a bhaineann le Fianaise ar Charachtar. Féach freisin ar an mbileog faoi Eolas faoin gClárúchán do MNC maidir leis na sonraí uile faoi Sheiceáil an Gharda Síochána.
 

3. Foirm don Fhianaise ar Charachtar
De réir mar atá san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, tá sé mar cheann de na riachtanais don cheadú ar an gclár go mbeadh fáil ar fhianaise sásúil ar charachtar. Moltar an Fhoirm ar Fhianaise Carachtair a bheith:

  • comhlánaithe sula ndéantar na scrúduithe deiridh
  •  coimeádtha agus curtha isteach leis an iarratas ar chlárúchán a eisítear chuig céimithe nua i mí Iúil.

Moltar go láidir do mhic léinn sa bhliain dheireanach freastal ar na seisiúin eolais seo agus na foirmeacha a chomhlánú lena dheimhniú go ndéantar an próiseas clárúcháin a chomhlánú roimh thús na scoilbhliana. Is inmholta ar an mbileog faoi Eolas faoin gClárúchán do MNC a léamh mar a ndéantar plé iomlán ar gach céim sa phróiseas clárúcháin.

Íoslódáil an mbileog Eolas faoin gClárúchán do MNC

Chun breathnú ar liosta na gceisteanna coitianta gliogáil anseo

Chun breathnú ar PowerPoint do MNC Iar-bhunscoile gliogáil anseo
Chun breathnú ar PowerPoint do MNC Bunscoile gliogáil anseo
 


Céim 2 - Cuireann Mic Léinn Iarratas ar Chlárúchán
Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta foirm iarratais phearsanta chuig múinteoirí nuacháilithe a ndearnadh a sonraí a aistriú ón gcoláiste nó ón ollscoil. Caithfear an fhoirm seo a chomhlánú i gceart agus a chur ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta faoi 31 Iúil.

Caithfear Foirm ar Fhianaise Carachtair a chur leis na hiarratais don chlárúchán.

Tabhair aird: 

Ní féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta iarratas don chlárúchán a phróiseáil go dtí go mbíonn an próiseas seiceála comhlánaithe ag an iarratasóir. (Féach an Rannóg ar Fhianaise ar Charachtar).

Bronntar clárú le coinníollacha ar mhúinteoirí nuacháilithe go dtí go mbíonn tréimhse fostaíochta iar-cháiliochta (do mhúinteoirí iar-bhunoideachais) nó tréimhse promhaidh (do mhúinteoirí bunoideachais) curtha i gcrích acu.
 

 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords