Tá foirmeacha iarratais ar fáil thíos mar seo a leanas:
FOIRMEACHA IARRATAIS LE hAGHAIDH CLÁRAITHE
Más múinteoir bunscoile nó iar-bhunscoile tú a cháiligh in Éirinn, is féidir leat cur isteach ar chlárú ag baint úsáide as na foirmeacha thíos. Má tharlaíonn, áfach, gur cháiligh tú lasmuigh d'Éireann agus gur mian leat múineadh i scoil aitheanta* in Éirinn, caithfidh tú iarratas a chur isteach don mheasúnú ar do cháilíochtaí sula mbronntar an clárú ort. Toisc gur coinníoll cláraithe é foirm iarratais sínithe, mar aon le cruthúnas ar aitheantas agus ar cháilíochtaí, ní féidir iarratais a chomhlánú ar líne nó a sheoladh chuig an gComhairle ar ríomh-phoist.
*Aitheanta de réir Ailt 10 den Acht Oideachais, 1988
Bunmhúinteoirí 
Iar-Bhunmhúinteoirí 
Múinteoirí Breisoideachais
Má bhí aitheantas agat cheana féin ón Roinn Oideachais agus Scileanna nó ó do Choiste Gairmoideachais (m.sh. faoi Imlitir 32/92, Meamram V7 nó CID), nó má ta aitheantas tugtha do do cháilíochtaí ag an gComhairle Mhúinteoireachta, is féiidr leat cur isteach ar an gclárúchán ag baint úsáide as an fhoirm thíos.
FOIRMEACHA IARRATAIS DON CHLÁRÚ, MEASÚNÚ AR CHÁILÍOCHTAÍ SAN ÁIREAMH
I ngeall ar an méid ama a thógtar Foirm Seiceála an Gharda Síochána a phroiseáil, (de ghnáth idir 8 agus 10 seachtain) moltar d’iarratasóirí Foirm Seiceála an Gharda Síochána a chomhlánú nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh acu don mheasúnú ar a gcáilíochtaí. Is féidir na foirmeacha seo a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an gComhairle. Féach le do thoil ar an Rannóg Seiceála den láithreán gréasáin seo chun tuilleadh eolais a fháil. De réir riachtanas Lárionad Seiceála an Gharda Síochána, ní féidir Foirm Iarratais ar Sheiceáil an Gharda Síochána a chur ar fáil mar íoslódáil.
Bunleibhéal 
Cliceáil anseo chun an fhoirm PRQA-01GA a íoslódáil
Iar-Bhunleibhéal
Cliceáil anseo chun an fhoirm PPQA-01GA a íoslódáil
Foirm Bhreise d’Iarratairí an Chorpoideachais
Mar aon leis an fhoirm thuas, caithfidh iarratasóirí a bhfuil clárú á éileamh acu mar mhúinteoir le cáilíochtaí Oideachas Múinteora sa Chorpoideachas foirm PE1 thíos a chomhlánú freisin.
Cliceáil anseo chun an fhoirm PE01-GA a íoslódaíl
Iarratas don Mheasúnú ar Cháilíochtaí ar mhaithe le hEolas amháin
Do dhaoine a bhfuil measúnú ar cháilíocht á éileamh acu b’fhéidir go dteastódh ó iarratasóirí, sula gcuireann siad isteach ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas, measúnú a fháil ar an gcáilíocht fhochéime atá acu chun meastóireacht a dhéanamh, ar mhaithe le heolas amháin, maidir le hoiriúnacht na cáilíochta do chritéir ábhair. (Gan iarratas á dhéanamh acu don chlarú.) Is féidir leo siúd atá cláraithe cheana féin agus a bhfuil measúnú á éileamh acu ar cháilíocht bhreise an fhoirm a úsáid freisin.
FOIRMEACHA IARRATAIS CHUN A CHUR IN IÚL DON CHOMHAIRLE GO BHFUIL AN PROMHADH NÓ AN TAITHÍ IARCHÁILÍOCHTA COMHLÁNAITHE
FOIRM B – do Mhúinteoirí Iar-Bhunoideachais a bhfuil an chéad bhliain múinteoireachta críochnaithe acu
Chun an coinníoll maidir le Fostaíocht Iarcháilíochta (FIC/PQE)a shásamh, caithfidh iarratasóirí fianaise a sholáthar ar 300 uair an chloig taithí múinteoireachta i scoil aitheanta agus a leithéid a bheith deimhnithe agus sínithe ag príomhoide na scoile. Caithfidh ar a laghad dhá thrian (200 uair an chloig) den taithí faofa a bheith bainteach le hachar curaclaim a mhúineadh do rang mac léinn (14 mac léinn ar a laghad). Féadfar suas leis an tríú cuid (100 uair an chloig) den taithí faofa a chomhlíonadh i róil tacaíochta foghlama, riachtanas speisialta, tacaíochta teanga nó Treoirchomhairleoireachta. Ceadaítear uasmhéid ama trí bliana inar féidir leis an múinteoir an riachtanas seo a chomhlíonadh.
Bronntar Clárúchán Coinníollach ar chláraithe nach mbíonn an tréimhse is gá den tseirbhís múinteoireachta críochnaithe acu i scoil aitheanta (nó a comhionann). Ba chóir d’iarratasóirí, nuair a bhíonn an coinníoll seo comhlíonta acu, Foirm B a chomhlánú, é a bheith sínithe le stampa ag Príomhoide na Scoile agus é a chur ar ais go dtí An Chomhairle Mhúinteoireachta. Déanfaidh An Chomhairle Mhúinteoireachta ag an bpointe sin an clárúchán coinníollach a bhaint.
FOIRM C - do Mhúinteoirí Bunscoile a bhfuil riachtanais an tréimhse promhaidh comhlánaithe acu
Is do mhúinteoirí bunscoile a thosaigh sa tseirbhís ar nó i ndiaidh Meán Fómhair 2010 an fhoirm seo chun fianaise a sholáthar a léiríonn go bhfuil riachtanais na seirbhíse mar aon le hinniúlacht ghairmiúil an phromhaidh comhlánaithe.
ATHRÚ SONRAÍ AR CHLÁR NA MÚINTEOIRÍ
Más mian leat athrú a dhéanamh ar d’ainm, do theideal, do sheoladh nó sonraí cáilíochtaí nó fostaíochta ar an gclár, íoslódáil agus comhlánaigh le do thoil an fhoirm chuí agus seol ar ais í go dtí an Chomhairle Mhúinteoireachta leis an doiciméadúcháin chuí.
FOIRM IARRATAIS CHUN AITHEANTAS A FHÁIL DO CHÚRSAÍ (do Choláistí agus Ollscoileanna)
Gliogáil anseo chun sonraí a fháil ar aitheantas ginearálta do chúrsaí ag Coláistí agus Ollscoileanna.
DUINE TEAGMHÁLA NA COMHAIRLE MÚINTEOIREACHTA
Tá gréasán múinteoirí á bhunú ag an gComhairle Mhúinteoireachta a fheidhmeoidh mar theagmháil idir an Chomhairle agus scoileanna. Táthar ag súil go bhfeidhmeoidh múinteoir cláraithe amháin ó gach scoil mar theagmhálaí na Comhairle Múinteoireachta lena dheimhniú go ndéantar foilseacháin agus eolas eile a dháileadh ar mhúinteoirí na scoile.
BAINT Ó CHLÁR NA MÚINTEOIRÍ
Is féidir le daoine nach bhfuil ag cleachtadh a thuilleadh mar mhúinteoirí agus nach bhfuil sé i gceist acu dul ar ais ag múineadh sa ghearrthéarma iarratas a dhéanamh chun a n-ainmneacha a bhaint de Chlár na Múinteoirí.