Próiseas Athbhreithnithe Clárúcháin

Is é an próiseas Athbhreithniú ar Chinneadh an córas athbhreithnithe inmheánaigh a sholáthraíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta d’iarrthóirí nuair a dhiúltaítear clárúchán nó nuair a chuirtear coinníollacha i bhfeidhm leis an bPainéal Iarratas Bunscoile/ Iar-bhunscoile nó leis an bPainéal Fianaise ar Charachtar.
 
Tá freagracht feidhmiú ar son na Comhairle tarmligthe ag an gComhairle do Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin nuair a bhíonn a leithéid de chinntí á n-athbhreithniú. 
 
Nuair nach n-éiríonn le hiarratas, cuireann an Chomhairle in iúl don iarratasóir, agus tugtar  rogha do/di iarratas athbhreithnithe a dhéanamh ar chinneadh Ghrúpa Athbhreithnithe Choiste Clárúcháin na Comhairle. Cuirtear in iúl don iarratasóir freisin an ceart ar achomharc a dhéanamh tríd an Ardchúirt.

Nuair a bhíonn achomharc á dhéanamh, tabharfar deis don iarratasóir aon fhianaise breise faoi cháilíochtaí a chur ar fáil agus iarratas i scríbhinn a chur isteach.  I gcásanna nuair a dhiúltaítear clárúchán i ngeall ar fhianaise carachtair, is féidir leis an iarrthóir éisteacht ó bhéal a éileamh.  Cuirfidh an Chomhairle ar fáil don iarratasóir ráiteas ón bPainéal Iarratais ábhartha (Bunscoil/ Iar-bhunscoil), agus/nó ón bPainéal Fianaise ar Character agus/nó ón Oifigeach Clárúcháin a léiríonn na cúiseanna gur diúltóidh an t-iarratais.

Don Athbhreithniú ar Chinneadh, ní bheidh éinne ar Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin a rinne measúnú nó plé cheana féin ar an iarratas.

Más rud é go ndearnadh an Painéal Iarratais nó an Painéal ar Fhianaise Carachtar breithmheas ar an iarratas cheana, cuirfear an t-iarratas ina iomláine mar aon le moltaí na measúnóirí (más ann dóibh) ar fáil do Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin.

An Próiseas Athbhreithnithe
Caithfear aon iarratas chuig Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin a dhéanamh i scríbhinn, ag cur in iúl cé na cúiseanna a bhfuil an t-athbhreithniú á lorg, laistigh de 21 lá tar éis an chinnidh ón bpainéal Iarratais ábhartha/ Oifigeach Clárúcháin a fháil.

  1. Déanfaidh Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin measúnú ar an tuairisc ón bpainéal ábhartha agus gach doiciméad a bhaineann leis an iarratas.
  2. I ndiaidh an athbhreithnithe a dhéanamh ar an iarratas, d’fhéadfadh go socródh Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin:
    a.        an chéad chinneadh a dheimhniú
    b.       an chéad chinneadh a athrú
    c.        glacadh leis an iarratas ar chlárúcháin (coinníollacha clárúcháin a chur i bhfeidhm san áireamh).

Éisteacht ó Bhéal  (Níl fáil ar an Éisteacht ó Bhéal ach i gcásanna a bhain le Fianaise ar Charachtar)
Nuair a dhiúltaítear d’iarratas i ngeall ar an bhfianaise ar charachtar, is féidir le hiarratasóir a mbíonn Athbhreithniú ar Chinneadh á lorg aige/aici éisteacht ó bhéal a éileamh freisin os comhair Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin.  Caithfear an éisteacht ó bhéal a éileamh ag an am céanna leis an éileamh ar Athbhreithniú ar Chinneadh.

Má déantar éisteacht ó bhéal a éileamh, tabharfaidh Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin dáta agus am don iarrthóir don éisteacht ó bhéal, a tharlóidh in oifigí na Comhairle agus tabharfar fógra 21 lá ar a laghad.

Ag an éisteacht ó bhéal, beidh ar chumas an iarrthóra nó a (h)ionadaí cur i láthair a dhéanamh do Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin nach mbeidh níos faide, de ghnáth, ná 15 nóiméid,. Ní bheifear ábalta aon doiciméid bhreise a sholáthar ag an éisteacht. D’fhéadfadh go mbeidh ar an iarrthóir nó a (h)ionadaí roinnt ceisteanna ó Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin a fhreagairt.

Fógra maidir le Cinneadh Ghrúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin
Déanfaidh Grúpa Athbhreithnithe an Choiste Clárúcháin breith laistigh de 30 lá i ndiaidh an athbhreithnithe/ éisteachta ó bhéal. Cuirfear in iúl don iarrthóir faoin toradh laistigh de 21 lá i ndiaidh na an chinnidh.

Achomharc go dtí an Ardchúirt
De réir Ailt 31 (8) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, nuair a dhéanann an Chomhairle cinneadh diúltú do chlárú duine, nó an duine a chlárú le coinníollacha, is féidir leis an duine sin iarratas a chur faoi bhráid na hArdchúirte laistigh de 21 i ndiaidh an dáta ina gcuirtear breith na Comhairle in iúl.
 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords