Léargas Ginearálta

Is léiriú ar aitheantas gairmiúil é do mhúinteoir a bheith cláraithe agus deimhníonn sé go cloítear le caighdeáin iontrála sa ghairm.

In Éirinn, níl cead ach ag múinteoirí a bhfuil riachtanais chláraithe na Comhairle Múinteoireachta curtha i gcrích acu, a bheith ag múineadh i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Stát-aitheanta* agus a dtuarastal a fháil ó choistí an Stáit**.

Tá sé dlite ag an Aire Oideachais agus Scileanna, de réir Ailt 24 den Acht Oideachais 1998, go gcaithfidh údaráis scoileanna, mar fhostaithe, a dhearbhú go mbíonn múinteoirí a moltar do cheapacháin i bpoist mhúinteoireachta óna bhfuil tuarastal á éileamh a bheith:
  1. Cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta in de réir Ailt 31 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001
  2. Cáilithe san earnáil chuí agus oiriúnach do na poist don a bhfuil siad á moladh.

Do thuilleadh eolais, féach ar Imlitireach ón Roinn Oideachais agus Scileanna:

Ciorcláin 0031/2011 - Earcaíocht, Clárú agus Cailíochtaí i leith Múinteoirí

Ciorcláin 0063/2010 - Gnásanna Earcaithe: Riachtanais maidir le Seiceáil an Gharda.

Tá an clárú mar mhúinteoir ag leibhéal Bunscoile nó Iar-bhunscoile (breisoideachas san áireamh) faoi réir ag Alt 31(5) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 agus de Rialacháin [Clárúchán]  na Comhairle Múinteoireachta 2009.


‘S éard atá i gceist le próiseas an iarratais ná foirm iarratais a chur isteach, mar aon le tras-scríbhinní, cruthú aitheantais, fianaise ar charachtar, fianaise dhoiciméadach eile agus táille don iarratas. Déantar gach iarratas a mheas de réir critéar atá leagtha síos faoi cháilíochtaí agus faoi thaithí múinteoireachta, mar aon le fianaise ar charachtar. Is féidir clárú iomlán a cheadú nó clárú le coinníollacha, nó diúltú don chlárú.

Más mian leo, is féidir le hiarratasóirí athbhreithniú d’fháil ar an toradh óna bpróiseas clárúcháin.

* De réir Alt 10 den Acht um Oideachas, 1998.
 
** Beidh na riachtanais chláraithe éigeantach faoi Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ag an Aire Oideachais agus Scileanna. EV- Science
 
 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords