Lógó na Comhairle Múinteoireachta agus an chiall atá leis.

Agus aitheantas á fhorbairt aici, theastaigh ón gComhairle Mhúinteoireachta suaitheantas uathúil le hinaitheantas láithreach a fhorbairt. Chuathasi gcomhairle lenár mballraíocht le linn an phróisis, agus rinneadh lógó a coimisiniú a fhreagraíonn go gleoite dár gcuspóir. Tugann ár lógó léiriú ar chroíluachanna ghairm na múinteoireachta, le sárchaighdeáin agus ardcháilíocht á gcothú. Tugtar léiriú ar an bpáirtnéireacht idir múinteoirí, mic léinn, tuismitheoirí agus daoine eile. Déantar fás agus forbairt a léiriú. Léirítear ballraíocht ionadaíoch na Comhairle agus mar aon leis an tsollúntacht chuí a bhaineann le ról na Comhairle mar chomhlacht reachtúil. Tá sé soiléir agus intuigthe gan dua.
Is éard atá i lógó na Comhairle ná triptic. Is féidir roinnt léirmhínithe a cheadú le gach painéal. Tá na mínithe seo a leanas tugtha ag an dearthóir grafaicí do gach ceann acu.
- Sa chéad phainéal, seasann an tic do na hardchaighdeáin a leagann an Chomhairle amach agus a mbíonn sí ag súil leo i ngach gné de chleachtas agus d’iompar gairmiúil.
- Seasann an painéal sa lár don eolas. Is tagairt é an bradán don scéal fiannaíochta ó mhiotaseolaíocht na hÉireann, An Bradán Feasa. Sa bhfinscéal, bheadh fios gach feasa ag an gcéad duine a bhlaisfeadh an t-iasc. Is cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann é an scéal seo.
- Seasann an tsraith poncanna sa tríú painéal do chomhghleacaíocht, do chomhghualaíocht agus do chomhoibriú idir mic léinn, tuismitheoirí, múinteoirí, comhaltaí na Comhairle agus daoine eile.
- Seasann an dath gorm don oideachas, do cháilíocht agus d’ionracas. Léiriú an dath glas ar fhás agus ar sheasmhacht. Tá an dath dearg mar chomhartha dóchais agus dearfachta.
- Déanann soiléireacht agus nua-aimsearthacht an chló comhlánú ar an lógó.