Saoráil Faisnéise

Tá treoir foilsithe ag an gComhairle ar a feidhmeanna, taifead, rialacha agus cleachtas de réir Ailt 15 agus 16 de na hAchtanna um Shaoráil Fáisnéise 1997 agus 2003. Tá sé i gceist go ndéanfadh an foilseachán rochtain ar eolas oifigiúil atá ag an gComhairle Mhúinteoireachta a éascú. Déantar é seo trí chur síos a thabhairt ar struchtúr na Comhairle, ar na seirbhísí a bhíonn ar fáil uaithi agus ar an tslí inar féidir leas a bhaint astu; na cineálacha taifead a bhíonn ag an gComhairle agus conas iarratas a chur faoi bhráid na Comhairle faoi na hAchtanna um Shaoráil Fáisnéise 1997 agus 2003. Tá mionsonraí ar fáil sa treoir freisin ar na rialacha, nósanna imeachta, cleachtais agus treoirlínte a bhíonn in úsáid ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus í i mbun oibre.

 
Tá roinnt d’fheidhmeanna reachtúla na Comhairle, ar a n-áirítear iad siúd a bhaineann le hionduchtú agus promhadh múinteoirí nua, leis an fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus le gnóthaí bainteach le hOiriúnacht don Chleachtas gur gá tús feidhme a thabhairt dóibh fós trí Órdú ón Aire. I ngeall air sin níl siad clúdaithe sa Treoir. De réir mar a cuirtear i bhfeidhm na codanna ábhartha den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, déanfar an Treoir a uasdhátú mar is gá.
 
Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoilseachán anseo. É sin nó is féidir cruachóip den fhoilseachán a éileamh trí theagmháil a dhéanamh le oide@oide.ie.
 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords