Fáilte chuig láithreán gréasáin na Comhairle Múinteoireachta, an comhlacht gairmiúil don mhúinteoireacht in Éirinn.
Bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta ar bhonn reachtúil i mí Márta 2006 chun an mhúinteoireacht mar ghairm ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal a chur chun cinn, chun forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a chothú agus chun caighdeáin a rialú sa ghairm.
Ar an láithreán gréasáin seo beidh fáil agat ar eolas faoi chlárúchán, faoi oideachas múinteoirí, agus faoi gach gné eile d’obair na Comhairle mar aon le rochtain ar na scéalta nuachta is déanaí, ar fhoilseacháin ar líne agus ar nuachtlitir na Comhairle, Oide.