Alt Montessori

Tháinig Rialacháin Chlárúcháin na Comhairle Múinteoireachta a tugadh suas chun dáta le déanaí i bhfeidhm ar an 25 Iúil 2016. Ciallaíonn sé seo go bhfreastalaítear ar chatagóirí múinteoirí a chláraigh roimhe seo faoi Rialachán 3 (Montessori agus Catagóirí Eile) faoi Bhealach 4 de na rialacháin nua. Mar thoradh ar an athainmniú seo mar a leagadh amach ina ráiteas den 4 Bealtaine 2016, rinne an Chomhairle iarracht breathnú ar bhealaí inar féidir freastal mar is cóir a dhéanamh laistigh den chreatlach caighdeán a bunaíodh don Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus Cosán, an Chreatlach Náisiúnta um Fhoghlaim Múinteoirí. Chuige sin, thug an Chomhairle faoi phróiseas comhairliúcháin le múinteoirí, ina raibh 6 cheardlann réigiúnacha agus ceistiúchán ar líne san áireamh . 

Thug an próiseas comhairliúcháin an deis do mhúinteoirí teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle lena gcuid tuairimí a chur ar fáil agus lena gceisteanna a fhreagairt. Bhí 341 duine san iomlán a bhí rannpháirteach sa phróiseas agus bhí an rannpháirteachas an-dearfach agus an-tairbheach. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo siúd uile a bhí rannpháirteach as ucht a gcuid ama a thabhairt lena leithéid a dhéanamh agus dá n-ionchur ionraic agus spéisiúil. Rinne an Chomhairle tuairisc ar an bpróiseas a nótáil ar an 8 Bealtaine agus tá sí foilsithe anois ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Cliceáil anseo le do thoil leis an tuairisc a léamh. (Béarla)