Cuireadh Chuig Cruinnithe Oscailte

Le linn na scoilbhliana 2015/2016 beidh an Chomhairle Mhúinteoireachta ag taisteal ar fud na tíre chun bualadh le múinteoirí agus leis an bpobal ag sraith de chruinnithe oscailte. Beidh na cruinnithe ar siúl i mBaile Átha Luain, Corcaigh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath agus Luimneach.

Tabharfaidh na cruinnithe seo an deis don lucht féachana eolas a fháil faoi obair na Comhairle chun na caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn, agus a gcuid tuairimí a chomhroinnt. I measc na n-ábhar a phléifear beidh Feidhmiúlacht chun Múineadh, Grinnfhiosrú an Gharda Síochána, FGL, Droichead, na coinníollacha clárúcháin a chomhlíonadh agus an toghchán chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.

Beidh na cruinnithe ar siúl: