FÉILTE, 7 Deireadh Fómhair 2017

Beidh FÉILTE 2017, an Fhéile Oideachais um Barrfheabhas Foghlama agus Teagaisc, ar siúl Dé Sathairn 7 Deireadh Fómhair san RDS, Baile Átha Cliath. Is é téama FÉILTE na bliana seo An Fhoghlaim a Chur Chun Cinn do Gach Duine. Luíonn sé seo leis an gcuspóir uileghabhálach a bhaineann le FÉILTE – An Teagasc a Chomhroinnt, an Fhoghlaim a Chónascadh. 

Ag FÉILTE déantar ceiliúradh ar an obair iontach a dhéanann múinteoirí ina seomraí ranga gach lá agus tugtar an deis do mhúinteoirí dul i gcomhar lena chéile le smaointe a chomhroinnt lena chéile agus le foghlaim óna chéile. 

Is féidir le múinteoirí cláraithe iarratas a dhéanamh anois le bheith mar chuid de FÉILTE 2017 trí iarratas a dhéanamh le haghaidh sárthaispeántais ceardlainne, nó iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach i scéalta na sárthaispeántóirí, in researchmeet nó i Rang Bianca. Féach ar an bhfíseán seo le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá tuilleadh eolais maidir le FÉILTE anseo.