Rinneadh imeacht comhairliúcháin náisiúnta a reáchtáil sa Mhuileann gCearr ar an 24 Meán Fómhair i ndáil le Cosán, an creat beartaithe d’fhoghlaim múinteoirí. Bhí níos mó ná céad ionadaí as na páirtithe leasmhara éagsúla i láthair. Tar éis phlé an-bhríomhar, fuair an Chomhairle Mhúinteoireachta lear mór aiseolais i scríbhinn, a bhfuil scagadh agus anailís á ndéanamh air faoi láthair. Tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara cruinnithe déthaobhacha a iarraidh dá mba mhian leo, agus táimid ag súil le scéala a fháil uathu maidir leis sin.
Tá imeachtaí comhairliúcháin do mhúinteoirí beartaithe do Dheireadh Fómhair agus do mhí na Samhna. Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí sin agus snáitheanna eile an phróisis comhairliúcháin ar fáil anseo.