Múinteoirí agus Taighde: Leanúint den Chomhrá

Ó 2013, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus an Lárionad do Sheirbhísí Éifeactacha ag obair i ndlúthpháirt lena chéile chun feabhas a chur ar na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtas do theagasc agus foghlaim. Is mian linn leanúint de na comhráití sin agus feabhas a chur orthu ag Lá Foghlama Comhroinnte ar an 11 Márta.

Cliceáil anseo chun chlárú don Lá Foghlama Comhroinnte ar 11 Márta.

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an Dr Carol Campbell, (@CarolCampbell4), Ollscoil Toronto ag labhairt leis an lucht freastail mar phríomhchainteoir. Is é an teideal atá ar a cuid cainte: Mobilising Knowledge Of, By and For the Learning Profession: Teachers Leading Educational Improvement.

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi chur i láthair a dhéanamh ag an Researchmeet ar an lá.