Ríomhiris Taighde Ábhair Oide

Tá an taighde a dhéanann múinteoirí agus a dhéantar do mhúinteoirí riachtanach chun tacú lena bhfoghlaim agus cleachtadh mar dhaoine gairmiúla. Tá gach iarracht déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta múinteoirí a chur ag plé leis an taighde cuí trí sheimineáir ghréasáin ar leith a dhíríonn ar thaighde agus trí ríomhirisí taighde a fhoilsiú a chuirtear ar fáil do gach múinteoir cláraithe. Agus í ar an eolas faoi méid agus caighdeán an taighde nua atá ar siúl ag mic léinn OTM mar chuid dá gcláir, d'imigh an Chomhairle Mhúinteoireachta i dteagmháil leis na hInstitiúidí Ardoideachais uile in 2016 d'fhonn an ríomhiris taighde seo a fhoilsiú, ina bhfuil achoimrí ar thaighde a rinne mic léinn ó na cláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí ar fud na tíre. Léigh tuilleadh.