Ríomhiris Taighde is déanaí ón gComhairle Mhúinteoireachta

Tá an ríomhiris Taighde is déanaí ón gComhairle Mhúinteoireachta ar fáil anois. San eagrán seo tá achoimrí d'ailt taighde atá ar fáil saor in aisce a bhaineann leis an teagasc agus foghlaim thras-churaclaim. Go bunúsach, is é atá i gceist leis seo leas a bhaint as an taighde chun tacú le comhtháthú níos fearr de na réimsí curaclaim a dhéanann múinteoirí ar leith, chomh maith le comhoibriú níos doimhne agus níos úsáidí idir na múinteoirí thar líon disciplíní nó thar réimsí curaclaim éagsúla.

Is é seo an t-ábhar a bheidh ag seimineár gréasáin na Comhairle Múinteoireachta atá ag teacht aníos ar an 1 Márta 2017. San áireamh beidh inochuir ón Dr Shane Bergin agus ón Dr Marita Kerin maidir lena gclár Ó Chamáin go Cuadrataigh (Quavers to Quadratics), an Dr Carmel O'Sullivan maidir leis an Drámaíocht a chomhtháthú san Oideachais agus Kathleen FitzPatrick, Uasal, agus Diarmaid O'Donovan, Uasal, ag Pobalscoil Chionn tSáile maidir leis an teoiric faoin teagasc agus foghlaim thras-churaclaim a chur i bhfeidhm go rathúil i gcomhthéacs na scoile.

Tá an chuma air gur comhrá an-suimiúil a bheidh ann, agus is féidir clárú anois don imeacht seo.