Tá an ríomhiris Taighde is deánaí ón gComhairle Mhúinteoireachta ar fáil anois. Sa ríomhiris seo tá achoimrí ar ailt atá ar fáil go réidh i dtaca le haistrithe. Tá na hailt seo bunaithe ar thaighde a rinneadh in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil.
De réir mar a dhruidimid le deireadh mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh, bíonn roinnt smaoineamh ann faoin aistriú atá romhainn – leabharliostaí a scaipeadh do Mheán Fómhair, mar shampla. Agus maidir lenár ndaltaí agus scoláirí atá chun dul thar an tairseach suntasach ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil, is féidir leis an am seo a bheith ina chúis imní. Is chuige sin atáimid ag gabháil do thopaic na n-aistrithe oideachais don ríomhiris taighde seo, ag teacht roimh ár seimineár gréasáin ar an téama céanna ar an 10 Bealtaine. Is féidir clárú anois don imeacht seo.