Seiminéar Gréasáin Taighde leis an tOllamh Thomas Guskey

Ar 25 Eanáir ag 8pm, beidh an seimineár gréasáin againn faoi chúrsaí taighde leis an Ollamh Thomas Guskey.

An teideal ná – Ó theagsc go foghlaim, agus ar ais arís – Ag tabhairt faoin turas foghlama gairmiúla. Cur chuige idirghníomhach a bheidh i gceist leis an seimineár seo. Beidh deis ag an lucht freastail éisteacht le tuairimíocht an Oll. Guskey maidir le foghlaim múinteoirí. Spreagfaidh an tOllamh Guskey múinteoirí le machnamh a dhéanamh ar fhoghlaim ghairmiúil, agus ar a dtuiscint féin ar an gcoincheap. Breathnóidh sé ar bhealaí éagsúla le tairbhe an taithí foghlama a mheas.    

Dúirt an tAth. Paul Connolly ón JMB le déanaí – "Múinteoirí muid, ach is foghlaimeoirí muid chomh maith." Mar Chomhairle tá muid ag iarraidh na bealaí éagsúla a bhfoghlaimíonn múinteoirí a aithint, idir fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta. Tá muid ag iarraidh cabhrú le múinteoirí a chinntiú gur fiú an t-am a gcaitheann siad i mbun foghlama, ar mhaithe leo féin agus lena gcuid daltaí. Sa chomhthéacs seo, deis iontach is ea an seimineár gréasáin seo leis an Ollamh Guskey plé agus machnamh a dhéanamh ar do thuras foghlama féin, le duine de na smaointeoirí is nuálaí dá bhfuil ann ar fhoghlaim múinteoirí. Tá muid ag súil le do chuid rannpháirtíochta.

Clicéal anseo chun chlárú don seiminéar gréasáin.

Tá ailt éagsúla leis an Ollamh Guskey ar fáil sa mbunachar oideachais EBSCO, saor in aisce do gach múinteoir cláraithe. B'fhéidir go gcuirfí spéis ar leith i roinnt de na hailt seo a leanas i dtaca leis an ócáid seo.