8 Eanáir 2016
Tiocfaidh deireadh le téarma oifige na Comhairle Múinteoireachta reatha i mí an Mhárta 2016. Tá 37 comhalta ag an gComhairle agus is múinteoirí iad 16 díobh seo a thoghann múinteoirí. Beidh toghchán do chomhaltaí múinteoirí ar líne ón 22 Feabhra go dtí meán lae ar an 9 Márta.
Mar mhúinteoir cláraithe, creidimid go bhfuil sé tábhachtach an deis seo a thapú le do vóta a chaitheamh do bhallraíocht na chéad Chomhairle eile. Is é seo do sheans, i gcomhar le do chomhghleacaithe, cabhrú le forbairt an pholasaí náisiúnta a stiúradh toisc go mbaineann sé leis an teagasc agus an fhoghlaim, agus na caighdeáin ghairmiúla i ngairm na múinteoireachta. Beidh na comhaltaí tofa a dtugann tú vóta dóibh sa riocht le hionchur suntasach a dhéanamh maidir leis seo.
Ainmniúcháin d'iarrthóirí
Ní mór ainmniúcháin d'iarrthóirí a sheachadadh chuig Ainmniúcháin do na Toghcháin, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, roimh 4.00pm ar an 29 Eanáir 2016.
I Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Comhaltaí a Thoghadh) 2015 (béarla) leagtar amach na rialacha a rialaíonn próiseas na n-ainmniúchán
Beidh ar gach múinteoir atá ag lorg ainmniúcháin sínithe de 15 mhúinteoir a fháil. Ní mór do na múinteoirí seo a bheith cláraithe chun vóta a chaitheamh sa toghchatagóir agus i dtoghcheantar tíreolaíoch an mhúinteora den ainmniúchán a bhfuil siad ag tabhairt tacaíochta dó.