Éilíonn an reachtaíocht atá mar bhunús le feidhmeanna agus dualgais na Comhairle nach féidir le múinteoir, a luaithe agus a bhíonn sé/sí bainte den chlár, athcheadú a fháil isteach ar an gclár ach nuair a leanann sé/sí lánphróiseas an chlárúcháin. Ciallaíonn sé seo go gcaithfear gnáthfhoirm iarratais mar aon le Foirm Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána a chomhlánú i ngach cás. Má bhíonn múinteoir tar éis tras-scríbhinní a c(h)áilíochtaí a sholáthar cheana féin, ní bheidh gá dó/di iad a sholáthar an dara huair.