1. Táimse cláraithe faoi láthair faoi Rialachán 3 (Montessori & Catagóirí Eile). Cad a chiallaíonn an t-athainmniú ar Rialachán 3 domsa?

Fanfaidh múinteoirí atá cláraithe faoi Rialachán 3 ar an gClár.

2. Táimse cláraithe faoi láthair faoi Rialachán 3. Cad a tharlóídh mura ndéanaim mo chlárúchán a athnuachan?

Beidh múinteoirí a imíonn ón gClár, agus a bhí cláraithe roimhe faoi Rialachán 3, incháilithe ar iarratas a dhéanamh ar chlárúchán faoi Bhealach 4 dá mba rud é gur ligeadh isteach ar an gclár iad faoi Rialachán 3 den na Rialacháin Clárúcháin, 2009.

3. Táimse cláraithe faoi láthair faoi Rialachán 3. Más mian liom scoileanna a bhogadh cad a chiallaíonn an t-athrú seo domsa?

Tá múinteoirí cláraithe, lena n-áirítear múinteoirí cláraithe faoi Rialachán 3, faoi réir ag na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta mar atá leaghta síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Leanfaidh an cás mar atá, ó tharla nach bhfuil aon tionchar ag na hathruithe sna Rialacháin ar na cúrsaí seo.

4. Táimse cláraithe faoi láthair Rialachán 3. Más mian liom iarratas a dhéanamh ar ardú céime cad a chiallaíonn an t-athrú seo domsa?

Tá múinteoirí atá cláraithe faoi Rialachán 3 faoi réir ag na téarmaí agus coinníollacha um ardú céime mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Leanfaidh an cás mar atá, ó tharla nach bhfuil aon tionchar ag na hathruithe sna Rialacháin ar na cúrsaí seo.

5. Is mac léinn ar chlár leibhéal 8 Montessori mé. Cad a chiallaíonn an t-athrú seo domsa?

Beidh mic léínn atá ag gabháil do chlár leibhéal 8 Montessori faoi láthair incháilithe ar iarratas a dhéanamh ar chlárúchán faoi Bhealach 4 go dtí an 31 Nollaig 2021.

6. Táim ag súil le tosú ar chlár Leibhéál 8 Montessori i Meán Fómhair 2016. Cad a chiallaíonn an t-athrú seo domsa?

Beidh daoine a thosaíonn ar chlár leibhéal 8 Montessori roimh 1 Deireadh Fómhair 2016 incháilithe ar iarratas a dhéanamh ar chlárúchán faoi Bhealach 4 go dtí an 31 Nollaig 2021.

7. Tá cáilíocht Leibhéal 8 Montessori agam agus b’fhéidir gur mhaith liom clárú sa todhchaí. Cad a chiallaíonn an t-athrú seo domsa?

Tá múinteoirí Montessori incháilithe ar iarratas a dhéanamh ar chlárúchán faoi Bhealach 4 go dtí an 31 Nollaig 2021. I ndiaidh an dáta sin ní bheidh an bealach ar fáil d’iarrthóirí nua.

8. Is tuismitheoir mé ar leanbh atá á m(h)úineadh ag múinteoir atá cláraithe faoi Rialachán 3. Cad a chiallaíonn an t-athrú seo domsa agus do mo pháiste?

Is faoi bhainistíocht na scoile atá earcú agus úsáid múinteoirí, i gcomhréir leis na himlitreacha cuí ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Leanfaidh an cás mar atá, ó tharla nach bhfuil aon tionchar ag na hathruithe sna Rialacháin ar na cúrsaí seo.

9. Is príomhoide scoile mé agus tá cuid de m'fhoireann cláraithe faoi Rialachán 3. Cad a chiallaíonn an t-athrú seo domsa agus do mo scoil?

Coinneoidh múinteoirí atá cláraithe faoi Rialachán 3 a gclárúchán. Fanfaidh an fhreagracht as earcú agus úsáid múinteoirí leis an scoil agus na húdaráis chuí.