De réir Achtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015 caithfidh gach múinteoir a gclárú a athnuachan gach bliain. Tugann athnuachan bhliantúil deis do mhúinteoirí freisin a mionsonraí a sheiceáil agus a nuashonrú ar an gClár. Cuireann sé ar chumas na Comhairle leanúint de bheith ag feidhmiú mar stór luachmhar eolais do ghairm na múinteoireachta in Éirinn.
Mura ndéanann tú athnuachan, rachaidh do chlárú i léig agus bainfear d’ainm den Chlár.
Má scoireann duine de bheith ina m(h)úinteoir cláraithe ní bheidh sé nó sí i dteideal tuarastal a fháil mar mhúinteoir i scoil aitheanta ón dáta a imíonn a chlárú nó a clárú leis an gComhairle i léig.
Le hathnuachan a dhéanamh arís, ní mór dóibh iarratas iomlán a dhéanamh arís. Áirítear leis sin tras-scríbhinní iomchuí a sholáthar agus dul faoi grinnfhiosrúchán tríd an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (an Biuró).