Dé ghnáth, déanfaidh múinteoir bunscoile an próiseas Droichead agus é/í fostaithe mar mhúinteoir ranga príomhshrutha. Mar riail ghinearálta, tá fostaíocht ar phá i gcáil bhuan, shealadach nó mar ionadaí incháilithe, más rud é go bhfuil an múinteoir ag teagasc na 11 ábhar go léir de Churaclam na Bunscoile, Gaeilge san áireamh, chuig rang príomhshrutha de dhaltaí (grád amháin nó ilghrád) don lá scoile iomlán.
Seachas i gcúinsí eisceachtúla, ba chóir do scoileanna MNCanna a úsáid i suíomh príomhshrutha. I gcúinsí áirithe, sa chás inarb é/í an MNC an múinteoir is oiriúnaí chun tacú le riachtanais na ndaltaí, féadfaidh siad an próiseas Droichead a dhéanamh i gceann de na róil seo a leanas:
a) múinteoir ranga speisialta i scoil phríomhshrutha
b) múinteoir i scoil speisialta
c) múinteoir acmhainne lánaimseartha do dhaltaí faoi mhíchumais íosmhinicíochta (mar atá sainithe ag ROS)
d) múinteoir tacaíochta foghlama lánaimseartha
e) ról a mheascann c) agus d) thuas (post LR/RT).
Sna cásanna thuas, ní mór don tréimhse fostaíochta teagasc ar an gcohórt céanna de dhaltaí (ach amháin do chúinsí eisceachtúla). Mar chuid den phróiseas Droichead, ba chóir don scoil iarracht a dhéanamh go bhfuil deiseanna ann don mhúinteoir nuacháilithe teagasc i suíomh príomhshrutha, a áireodh teagasc agus foghlaim na Gaeilge i rang príomhshrutha, i gcomhar leis an múinteoir ranga.