Is le dhá phíosa reachtaíochta a cuireadh na ceanglais um ghrinnfhiosrúchán do mhúinteoirí ar bhonn reachtúil.
Faoi na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016, bunaíodh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (an Biúró) agus tháinig sé san ionad ar Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána. Tá an Biúró freagrach as nochtuithe grinnfhiosrúcháin a eisiúint faoi shocruithe reachtúla na n-Achtanna.
Leis na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 go 2015 bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta mar eagraíocht reachtúil ábhartha do ghrinnfhiosrúchán múinteoirí in Éirinn.
Le hAlt 12 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 ceanglaítear ar údarás scoile, ach amháin más rud é go bhfuil feidhm le díolúintí áirithe (a leagtar amach i roinn 5.3 de Imlitir 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna ), gan tús a chur le fostaí a fhostú (cibé faoi chonradh fostaíochta nó ar shlí eile) chun obair nó gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh sula bhfaigheann an t-údarás scoile nochtadh grinnfhiosrúcháin ón mBiúró i dtaca leis an duine sin. Tá feidhm leis an gceanglas seo i dtaca le gach cineál ceapacháin d’fhad ar bith lena n-áirítear poist lánaimseartha, páirtaimseartha agus ionadaíochta. Is cion coiriúil a bheidh ann d’fhostóir gan an ceanglas reachtúil seo a chomhlíonadh.
Le hAlt 7(2)(b) de na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 go 2015 ceadaítear don Chomhairle Mhúinteoireachta nochtuithe grinnfhiosrúcháin a fháil nó a ghlacadh chun críche a róil mar eagraíocht ábhartha, i.e., do chúiseanna clárúcháin nó Feidhmiúlachta chun Múineadh, nó chun críche a róil mar eagraíocht ábhartha atá mar ionadaí ag eagraíocht ábhartha eile, i.e., fostóirí scoile, chun críche na nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin faoi na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016.