Nuair atá iarratas ar ghrinnfhiosrúchán déanta ag múinteoir, tá siad ábalta a stádas iarratais a rianú ar líne, próiseas atá siad ábalta a thaispeáint dá mBainisteoir Scoile. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta an stádas atá ag iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a phlé go díreach le Príomhoide/Bainisteoir Scoile.
Nuair a dhéantar an t-iarratas chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, filleann 80% de na nochtaithe chuig an gComhairle laistigh de 5 lá oibre. Don 20% eile, áfach, tarlóidh moillithe de réir mar a chuireann na Gardaí a bpróisis i gcrích. Tabhair faoi deara nach féidir leis an gComhairle idirghabháil a dhéanamh chun luas an tseolta ar ais de nochtadh ar bith a thapú. Is féidir le múinteoirí a ndul chun cinn féin a sheiceáil trí logáil isteac ar an nasc atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Nuair a sheoltar na nochtaithe ar ais, cuireann an Chomhairle ar fáil iad chuig na múinteoirí laistigh de 72 uair an chloig tríd an réiteach slán ar líne ar a dtugtar Digitary. Uaidh seo, is féidir le múinteoirí nochtaithe a chomhroinnt le scoileanna
Más rud é go gcuirfear nochtadh rian ar ais, i.e. nochtadh ina bhfuil ciontuithe nó faisnéis shonraithe (bhog), déanfaidh an Chomhairle é a bhreithniú i gcomhréir leis na próisis agus nósanna imeachta a leagtar amach faoin reachtaíocht. Tabhair faoi deara nach féidir leis an gComhairle na húdaráis scoile a chur ar an eolas go díreach ach amháin i gcásanna ina luann an nochtadh cúrsaí a bhaineann le cosaint leanaí.