Tá na rialacháin chun clárú mar mhúinteoir bunscoile leagtha amach i Rialachán a Dó de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta, 2009.
Tá dhá bhealach ann le clárú:
- Baitsiléir creidiúnaithe san Oideachas (Bunoideachas) a bhaint amach
nó
- clár iarchéime nó Ard-Dioplóma san Oideachas a bhaint amach tar éis cáilíocht fochéime ag leibhéal 8 a bhaint amach.
Ní mór don dá cháilíocht oideachais múinteoirí seo an curaclam bunscoile iomlán ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a sé a chlúdach (de ghnáth is raon aoise idir 4 agus 12 bhliain atá i gceist).
Féach ceist 3 le haghaidh eolais faoi chláir faofa.
Más rud é gur cuireadh tús le Baitsiléir san Oideachas roimh 2014, ba chóir go mbeadh tréimhse de thrí bliana ar a laghad de staidéar lánaimseartha (nó a chomhionann) i gceist leis agus go mbeadh 180 creidiúint ECTS ag gabháil dó. Má cuireadh tús leis tar éis an 1 Eanáir 2014, ba chóir go mbeadh 240 creidiúint ECTS ar a laghad ag gabháil dó.
Má cuireadh tús le clár iarchéime nó Ard-Dioplóma san Oideachas roimh 2014, ba chóir go mbeadh tréimhse de 18 mhí de staidéar lánaimseartha nó staidéar páirtaimseartha comhionann i gceist leis agus 90 creidiúint ECTS ag gabháil dó. Má cuireadh tús le clár iarchéime tar éis an 1 Eanáir 2014, ní mór go mbeadh 120 creidiúint ECTS ag gabháil dó.
Le haghaidh tuilleadh mionsonraí i ndáil le riachtanais, féach Rialachán a Dó sna Rialacháin Clárúcháin (béarla). I Sceideal a hAon atá ag gabháil leis na Rialacháin leagtar amach mionsonraí breise maidir le Staidéir Bhundisciplíní Oideachais, Staidéir Ghairmiúla agus an Clár Múinteoireachta Praiticiúla.
Dóibh siúd a chuireann iarratas isteach tar éis an 01 Aibreán 2013, ní mór go mbeadh bunchéim ag Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) acu.
Féadfaidh an Chomhairle aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí oideachais múinteoirí bunscoile atá ar an gcaighdeán céanna leis na cáilíochtaí thuasluaite agus sna critéir atá leagtha amach i Sceideal a hAon. San áireamh anseo tá cáilíochtaí múinteoirí bunscoile a d’aithin an tAire Oideachais agus Scileanna cheana féin, ar an gcoinníoll gur baineadh na cáilíochtaí amach sular ritheadh Rialacháin um Chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.