Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí láncháilithe a bhain cáilíocht amach lasmuigh d’Éirinn. Má tá i gceist agat taisteal thar lear chuig stát AE/LEE chun cáilíocht oideachais múinteoirí a bhaint amach agus má tá i gceist agat filleadh ar Éirinn chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta, tá tú i dteideal é sin a dhéanamh faoi théarmaí Threoir 2005/36/CE den AE.
I líon mór stát AE, an Ríocht Aontaithe san áireamh, ní dhéantar an t-aitheantas faoi threoir an AE a dheimhniú ach amháin má chuirtear tréimhse ionduchtúcháin iarcháilíochta (scoilbhliain amháin de ghnáth) tar éis duit do cháilíocht oideachais tosaigh múinteoirí a bhaint amach.
I gcás na múinteoirí a bhaineann cáilíocht amach lasmuigh den AE/LEE, ní mór dóibh fianaise a chur ar fáil go bhfuil siad láncháilithe agus cláraithe/ go bhfuil ceadúnas iomlán múinteoireachta acu (gan aon choinníollacha ceangailte) sa tír inar bhain siad amach cáilíocht mar mhúinteoir.
A luaithe is a chuirtear fianaise aitheantais ar fáil faoin Treoir nó ó na húdaráis rialála chuí/ón Roinn Oideachais, déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta measúnú ar na cáilíochtaí ag tagaird do Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárú] 2009. (béarla)
Baineann Rialachán a Ceathair le clárú iarbhunscoile agus tá sé briste síos in dhá chuid (a) Riachtanais Céime agus (b) Riachtanais Oideachais Múinteoirí.
Riachtanais Céime
Ba chóir go gcomhlíonfadh do cháilíocht céime na riachtanais d’ábhar curaclaim amháin ar a laghad. Foilsíodh riachtanais nua i mí Mheán Fómhair 2013 agus beidh siad i bhfeidhm do dhaoine a dhéanann iarratas le clárú a dhéanamh tar éis an 1 Eanáir 2017. Tá mionsonraí de na riachtanais nua agus na cinn reatha leagtha amach thíos:
- Má tá tú i mbun staidéar faoi láthair agus/nó má tá i gceist agat iarratas a dhéanamh ar an 1 Eanáir 2017 nó ina dhiaidh sin, faigh amach tuilleadh eolais anseo (béarla).
- Má tá iarratas á dhéanamh agat ar chlárú anois nó má tá i gceist agat iarratas a dhéanamh ar an 31 Nollaig 2016 nó roimhe sin, faigh amach tuilleadh eolais anseo (béarla).
Riachtanais Oideachais Múinteoirí
Le héifeacht ó 2014 tá na riachtanais oideachais múinteoirí le clárú a dhéanamh tar éis athrú agus tá measúnú á dhéanamh ar iarratasóirí ó thar lear ag tagairt do na riachtanais fheabhsaithe nua seo.
San áireamh sna critéir nua tá riachtanas ann nach mór go mbeadh cáilíocht mhúinteoireachta iarchéime (e.g. P.G.C.E.) mar an gcéanna le 120 creidiúint den Chóras Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS) (tabhair faoi deara: is ionann é seo agus 240 CATS ar Chóras Creidiúna na Ríochta Aontaithe). Ní mór go mbeadh a comhionann de 240 creidiúint ECTS ag cáilíocht mhúinteoireachta chomhthráthach (e.g. Baitsiléir Oideachais) (tabhair faoi deara: is ionann é seo agus 480 CATS ar Chóras Creidiúna na Ríochta Aontaithe).
Má aithnítear, tar éis measúnú a dhéanamh ar na cáilíochtaí, go bhfuil difríochtaí suntasacha ann, beidh siad seo i bhfeidhm mar choinníollacha ar chlárú múinteora, nach mór tabhairt fúthu laistigh de thréimhse ama ar leith, nach rachaidh thar 3 bliana.
Fógra Tábhachtach - Nuashonrú i dtaca le measúnú ar cháilíochtaí oideachais do mhúinteoirí a fuarthas lasmuigh d'Éirinn
Mar údarás inniúil don aitheantas ar cháilíochtaí oideachais do mhúinteoirí a fuarthas i mBallstáit AE/LEE i gcomhréir le Treoir AE 2013/55/Ae agus stáit lasmuigh den AE/LEE, d'fhógair an Chomhairle Mhúinteoireachta an fógra seo (béarla) sa bhliain 2013 chun béim a leagan ar an scéal go mbeadh le riachtanais nuashonraithe na Comhairle do chláir oiliúna tosaigh múinteoirí ar gach duine ag tosú ar chláir oiliúna tosaigh múinteoirí lasmuigh den Stát ón 1 Eanáir 2014.
Tá córas nuashonraithe do mheasúnú ar cháilíochtaí á fhorbairt ag an gComhairle, lena n-áirítear raon de roghanna trialach inniúlacha agus tréimhsí glactha, d'fhonn na riachtanais nuashonraithe OTM a chur san áireamh. Meastar go mbeidh an córas nuashonraithe seo ar bun go luath sa bhliain 2017. Idir an dá linn, tá an córas reatha á choinneáil ag an gComhairle le linn na hidirthréimhse.