Beidh sé luaite ar d’Fhoirm Iarratais MNC más gá duit tras-scríbhinní a chur ar fáil. De ghnáth, má tá clár seachas Baitsiléir san Oideachas nó clár comhthráthach ceithre bliana d’oideachas múinteoirí curtha i gcrích agat, ní mór duit tras-scríbhinní a chur isteach. Glacfaidh an Chomhairle le seoladh an tsuímh ghréasáin ar a bhféadfar do chuid taifid acadúla a fhíorú ar líne (e.g. Digitary) agus le do chuid sonraí logála.
Tabhair faoi deara go mbíonn moill ann go minic le linn an tsamhraidh maidir le tras-scríbhinní a fháil ó choláistí nó ollscoileanna agus moltar go mbeidh tras-scríbhinní gach bliain de do cháilíocht bunchéime agat sula gcomlánfaidh tú an Fhoirm Iarratais MNC.