Tagann an tréimhse promhaidh chun deiridh nuair atá an Chomhairle Mhúinteoireachta sásta go bhfuil an riachtanas seirbhíse agus an riachtanas cumais ghairmiúil comhlíonta go hiomlán. Cuirfidh an Chomhairle deimhniú ar fáil don mhúinteoir maidir lena chlárú nó a clárú coinníollach nó iomlán mar mhúinteoir.
Mura gcomhlíontar na coinníollacha clárúcháin i gceart agus laistigh den tréimhse ama shonraithe d’fhéadfadh clárú an mhúinteora dul i léig agus beidh impleachtaí suntasacha aige seo ó thaobh é nó í a bheith incháilithe le bheith fostaithe i scoil.
A luaithe is atá an dá riachtanas don phromhadh comhlíonta ag múinteoir, ní mór dó nó di Foirm C chomhlánaithe a chur isteach ina bhfuil ráiteas Cigireachta ó Ionad Oideachais Luimnigh (LEC).