Clárú le Coinníollacha

Bronntar Clárú le Coinníollacha nuair nach bhfuil riachtanais cháilíochta uile na Comhairle comhlíonta ag iarratasóir ar chlárú. Má bhronntar Clárú le Coinníollacha, déanfaidh an Chomhairle na coinníollacha atá i gceist a chur in iúl don mhúinteoir, chomh maith leis na bearta is gá lena gcomhlíonadh agus an tréimhse ama ina bhfuil siad le comhlíonadh. Déanfar coinníollacha a thaifeadadh ar an gClár agus ar litir an mhúinteora i dtaca le Clárú le Coinníollacha.

I gcásanna áirithe, éileofar ar mhúinteoir coinníoll amháin a réiteach sula ndéanfaidh siad an dara ceann a réiteach. Sna cásanna sin, ní chuirfear tús leis an tréimhse chun an dara coinníoll a chomhlíonadh go dtí go réiteofar an chéad cheann. Nuair atá na coinníollacha go léir comhlíonta, eiseofar teastas clárúcháin.

Ba chóir coinníollacha a chomhlíonadh le linn na tréimhse sonraithe. Mura ndéantar na coinníollacha go léir a chomhlíonadh le linn na tréimhse sin, agus mura mbronntar aon síneadh ama, rachaidh clárú an mhúinteora i léig.

Clárú iomlán á bhronnadh ar mhúinteoirí a bhí ar promhadh i suíomh teoranta

D’fhéadfadh múinteoirí atá cláraithe faoi Rialachán a Dó (Bunscoil), a bhí ar promhadh i suíomh teoranta a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar chlárú iomlán san earnáil sin faoi réir critéar ar leith.

Ionduchtú

Is riachtanas é páirt a ghlacadh i gclár ceardlanna ionduchtúcháin do gach MNC a bhain cailíocht san oideachas múinteoirí amach in 2012 agus ina dhiaidh. Ina theanta sin, éilítear ar mhúinteoirí eile a dhéanann iarratas ar chlárú ón 02 Iúil 2012 ar aghaidh faoi Rialachán 1 (bunoideachas), Rialachán 2 (Iar-bhunoideachas) agus Rialachán 4 (Eile) an clár ceardlanna ionduchtúcháin a chur i gcrích, mura bhfuil an méid seo a leanas curtha i gcrích acu cheana:

  • an riachtanas a bhaineann le Fostaíocht Iar-cháilíochta (FIC) (Iar-bhunoideachas)
  • an riachtanas a bhaineann le Promhadh (bunoideachas)
  • clár ionduchtúcháín i ndlíse eile.

Fágann sé seo gur coinníoll clárúcháin é an t-ionduchtú mar an gceanna le promhadh (do bhunmhúinteoirí agus taithí iar-cháilíóchta (FIC) (do mhúinteoirí iar-bhunscoile).

Promhadh

Cuireadh tosach feidhme leis na hailt san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 a bhaineann le promhadh i mí Mheán Fómhair 2012. Fágann sé sin go bhfuil an Chomhairle freagrach, ar bhonn reachtúil, as nósanna imeachta agus critéir a bhunú i ndáil le promhadh múinteoirí nua-cháilithe. 

Chun bheith cláraithe go hiomlán, ní mór do gach múinteoir Bunscoile próiseas promhaidh nó an próiseas Droichead a chur i gcrích tar éis dóibh gach coinníoll clárúcháin eile a chomhlíonadh. Tá an próiseas promhaidh leagtha amach go mion sa doiciméad thíos.

Is é a bheidh i gceist leis an bpróiseas promhaidh ná riachtanas íosta seirbhíse múinteoireachta (100 lá) agus cuairteanna teagmhasacha ó Chigire de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, a ullmhóidh tuairisc maidir le hoiriúnacht an mhúinteora.

Ba chóir do mhúinteoir a chuir tús lena sheirbhís nó lena seirbhís ar an 1 Meán Fómhair 2010 nó ina dhiaidh, é a chur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta nuair atá an tseirbhís riachtanach curtha i gcrích agus tuairisc shásúil faighte ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna. Nuair atá an coinníoll seo comhlíonta trí riachtanais seirbhíse agus inniúlachta an phróisis promhaidh a chur i gcrích, ba chóir do chláraithe Foirm C a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.

Baineann an coinníoll i dtaca le tréimhse promhaidh a chur i gcrích go sásúil le Bunmhúinteoirí agus múinteoirí atá cláraithe faoi Bealach 4 – Eile, atá fostaithe i mBunscoileanna agus Scoileanna Speisialta.

Tréimhse Ama

Ní chuirtear tús leis an bpromhadh go dtí go mbeidh na coinníollacha clárúcháin eile go léir comhlíonta. Ón dáta sin ar aghaidh, ceadaítear tréimhse de thrí bliana ar a mhéad leis an riachtanas seo a chomhlíonadh.

Tá tréimhse trí bliana ón dáta clárúcháin ag gach cláraí nua le haon choinníoll a chomhlíonadh.

Tá go dtí an 21 Lúnasa 2015 ag bunmhúinteoirí a chuir tús lena seirbhís roimh an 1 Meán Fómhair 2010 leis an riachtanas promhaidh a chomhlíonadh.

Promhadh i nDlínsí Eile

Faoi láthair, ní mór do gach múinteoir a cháiligh lasmuigh d’Éirinn agus ar mian leis nó léi clárú iomlán a bhaint amach leis an gComhairle Mhúinteoireachta an próiseas promhaidh a chur i gcrích. Déantar eisceacht sa chás go bhfuil tréimhse ionduchtúcháin/promhaidh curtha i gcrích ag iarratasóir ar chlárú sa Stát inar cháiligh sé nó sí. Ní mór don iarratasóir fianaise ar thréimhse shásúil ionduchtúcháin/promhaidh thar lear a chur ar fáil don Chomhairle.

Sa chás go bhfuil tréimhse promhaidh curtha i gcrích ag múinteoir i ndlínse eile, is féidir leis nó léi iarratas a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoirechta chun go n-aithneofaí é mar chomhlíonadh an riachtanais promhaidh. D’fhéadfaí seirbhís mhúinteoireachta i mbunscoileanna lasmuigh d’Éirinn a ndéantar cigireacht Stáit orthu a chur i gcuntas freisin le haghaidh comhlíonadh an riachtanais seirbhíse.

Tréimhse Ama

Ní chuirtear tús leis an bpromhadh go dtí go mbeidh na coinníollacha clárúcháin eile go léir comhlíonta. Ón dáta sin ar aghaidh, ceadaítear tréimhse de thrí bliana ar a mhéad leis an riachtanas seo a chomhlíonadh.

Tá tréimhse trí bliana ón dáta clárúcháin ag gach cláraí nua le haon choinníoll a chomhlíonadh.

Tá go dtí an 21 Lúnasa 2015 ag bunmhúinteoirí a chuir tús lena seirbhís roimh an 1 Meán Fómhair 2010 leis an riachtanas promhaidh a chomhlíonadh.

Nóta Tábhachtach do dhaoine atá ag cur tús le hoideachas tosaigh múinteoirí lasmuigh d’Éirinn agus laistigh den LEE ón 1 Eanáir 2011

Nósanna imeachta leasaithe le haghaidh múinteoirí a chlárú faoi Threoir 2005/36/CE (Tíortha LEE) ón gComhairle in Éirinn

Ón 1 Eanáir 2011 ar aghaidh, ní mór do dhaoine a chuireann tús le clár oideachais tosaigh múinteoirí lasmuigh d’Éirinn agus ar mian leo clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi chearta soghluaisteachta (d’oibrithe) faoi Threoir 2005/36/CE (Tíortha LEE) ón gComhairle, clárú iomlán a bheith acu ón tír inar chuir siad an clár oideachais tosaigh múinteoirí i gcrích. D’fhéadfadh go mbeadh tréimhse ionduchtúcháin agus/nó promhaidh sa tír sin san áireamh leis an gclárú iomlán. I ndáiríre, más riachtanas é ionduchtú/promhadh chun clárú iomlán a bhaint amach sa Stát sin, ní bhfaighidh múinteoir cearta soghluaisteachta faoi théarmaí na Treorach go dtí go gcomhlíonfar an riachtanas. I gcoitinne, measfar an múinteoir sin a bheith díolmhaithe ón tréimhse promhaidh in Éirinn. Ó Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh, is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht a phróiseálann iarratais ar dhíolúine ó phromhadh.

Fostaíocht Iar-cháilíochta (FIC)

Chun clárú go hiomlán mar mhúinteoir Iar-bhunscoile, ní mór do gach múinteoir iar-bhunscoile tréimhse Fostaíochta Iar-cháilíochta (FIC) nó an próiseas Droichead a chur i gcrích.

Is é atá i gceist le Fostaíocht Iar-cháilíochta fianaise ar 300 uair an chloig de thaithí mhúinteoireachta i scoil aitheanta a chur ar fáil, agus í a bheith fíoraithe agus sínithe ag príomhoide na scoile. Áirítear air sin 200 uair an chloig ar a laghad d’ábhar curaclaim iar-bhunscoile a theagasc nó de threoirchomhairleoireacht i rang ainmnithe ar chlár ama na scoile. Is féidir suas le 100 uair an chloig den teagasc ceadaithe a chaitheamh ar thacaíocht foghlama, riachtanais speisialta, tacaíocht teanga nó ar ghníomhaíocht eile ar an gclár ama.

Nuair atá an coinníoll seo comhlíonta, ba chóir do chláraithe Foirm B a chomhlánú, í a fháil sínithe agus stampáilte ag Príomhoide na Scoile agus í a sheoladh ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.

Tréimhse Ama

Ceadaítear tréimhse trí bliana ar a mhéad leis an riachtanas seo a chomhlíonadh. 

FIC/Promhadh i nDlínsí Eile

Faoi láthair, ní mór do gach múinteoir a chláraigh lasmuigh d’Éirinn agus ar mian leo clárú iomlán a bhaint amach leis an gComhairle Mhúinteoireachta an próiseas promhaidh is comhionann le FIC a chur i gcrích. Déantar eisceacht sa chás ina bhfuil tréimhse ionduchtúcháin/promhaidh curtha i gcrích ag iarratasóir ar chlárú sa Stát inar cháiligh sé nó sí. Ní mór don iarratasóir fianaise ar thréimhse shásúil ionduchtúcháin/promhaidh thar lear a chur ar fáil don Chomhairle.

Sa chás go bhfuil tréimhse promhaidh curtha i gcrích ag múinteoir i ndlínse eile, is féidir leis nó léi iarratas a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun go n-aithneofaí é mar chomhlíonadh an riachtanais promhaidh.  D’fhéadfaí seirbhís mhúinteoireachta in iar-bhunscoileanna lasmuigh d’Éirinn a ndéantar cigireacht Stáit orthu a chur i gcuntas freisin le haghaidh comhlíonadh an riachtanais seirbhíse.

Nóta Tábhachtach do dhaoine atá ag cur tús le hoideachas tosaigh múinteoirí lasmuigh d’Éirinn agus laistigh den LEE ón 1 Eanáir 2011

Nósanna imeachta leasaithe le haghaidh múinteoirí a chlárú faoi Threoir 2005/36/CE (Tíortha LEE) ón gComhairle in Éirinn

Ón 1 Eanáir 2011 ar aghaidh, ní mór do dhaoine a chuireann tús le clár oideachais tosaigh múinteoirí lasmuigh d’Éirinn agus ar mian leo clárú leis an gComhairle Múinteoireachta faoi chearta soghluaisteachta (d’oibrithe) faoi Threoir 2005/36/CE (Tíortha LEE) ón gComhairle, clárú iomlán a bheith acu ón tír inar chuir siad an clár oideachais tosaigh múinteoirí i gcrích. D’fhéadfadh go mbeadh tréimhse ionduchtúcháin agus/nó promhaidh sa tír sin san áireamh leis an gclárú iomlán. I ndáiríre, más riachtanas é ionduchtú/promhadh chun clárú iomlán a bhaint amach sa Stát sin, ní bhfaighidh múinteoir cearta soghluaisteachta faoi théarmaí na Treorach go dtí go gcomhlíonfar an riachtanas. I gcoitinne, measfar an múinteoir sin a bheith díolmhaithe ón tréimhse promhaidh in Éirinn. Ó Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh, is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht a phróiseálann iarratais ar dhíolúine ó phromhadh.

Riachtanas na Gaeilge (RG)

I gcás ina bhfuil clár oideachais múinteoirí curtha i gcrích lasmuigh d’Éirinn ag iarratasóir ar chlárú mar bhunmhúinteoir, bíonn Riachtanas na Gaeilge (RG) le comhlíonadh aige nó aici sula bhféadfaidh sé nó sí clárú, de ghnáth. Is féidir leis an iarratasóir Tástáil Inniúlachta (SCG – An Scrúdú le hAghaidh Cáilíocht sa Ghaeilge) nó Tréimhse Oiriúnaithe (OCG – Oiriúnú le hAghaidh Cáilíocht sa Ghaeilge) a chur i gcrích, rud a dhearbhaíonn inniúlacht an iarratasóra chun an Ghaeilge a theagasc chomh maith le raon ábhar curaclaim bunscoile trí mheán na Gaeilge. Bronntar clárú le coinníollacha orthu siúd atá i mbun chomhlíonadh an riachtanais seo.

Bíonn an SCG (Tástáil Inniúlachta) agus an OCG (Tréimhse Oiriúnaithe) á riar ag Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath 9. Le haghaidh an eolais uile féach www.ilrweb.ie.

Tréimhse Ama

Ceadaítear tréimhse trí bliana ar a mhéad leis an riachtanas seo a chomhlíonadh.

I gcásanna áirithe, éileofar ar mhúinteoir cláraithe coinníoll amháin a chomhlíonadh sula ndéanfar an dara ceann a chomhlíonadh. Mar shampla, bíonn sé seo i gceist le bunmhúinteoirí ar gá dóibh aghaidh a thabhairt ar riachtanas na Gaeilge sula gcuirfidh siad tús leis an bpróiseas promhaidh. Sna cásanna sin, ní chuirtear tús leis an tréimhse chun an dara coinníoll a chomhlíonadh go mbeidh an chéad cheann comhlíonta.

Easpa Cáilíochta (EC)

I gcás nach bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha chun clárú in Éirinn ag iarratasóir (a mheastar atá cáilithe go hiomlán mar mhúinteoir i mBallstát AE eile), d’fhéadfaí iad a chlárú leis an gcoinníoll go gcuireann siad an scéal ina cheart le linn tréimhse shonraithe, tréimhse nach faide ná trí bliana ón dáta clárúcháin, de ghnáth. Tá an polasaí seo i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE ón Eoraip, tras-suite i nDlí na hÉireann le hIonstraim Reachtúil Uimhir 139 de 2008.

D’fhéadfaí easpa cáilíochta a aithint i measc cháilíochtaí bunchéime agus/nó cáilíochtaí múinteoireachta agus d’fhéadfadh easpa i ndáil le heolas ar ábhair churaclaim bheith san áireamh leis chomh maith le heaspa i ndáil le bonnstaidéar oideachais; modheolaíochtaí chun ábhair a theagasc; cleachtas múinteoireachta; agus eolas ar stair agus struchtúr chóras oideachais na hÉireann.

De ghnáth bronnann an Chomhairle clárú le coinníollacha mar gheall ar easpa cáilíochta sa chás ina bhfuil iarratasóir aitheanta go hiomlán mar mhúinteoir i ndlínse eile. Ní bhronnann sí clárú le coinníollacha ar iarratasóirí a bhfuil cáilíocht curtha i gcrích go páirteach acu; nó nár aithníodh roimhe sin mar mhúinteoirí agus a bhfuil easpa cáilíochta shoiléir acu nuair a dhéanann siad iarratas. Tá an polasaí seo ag teacht le Treoir 2005/36/CE ón Eoraip.

Cuirtear easpaí cáilíochtaí in iúl don iarratasóir nuair atá an próiseas clárúcháin curtha i gcrích acu. Déantar na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm agus na dátaí éaga a bhaineann leo a thaifeadadh ar an gclár agus ar litir dhearbhaithe an chláraithe.

Tréimhse Ama

Ceadaítear tréimhse trí bliana ar a mhéad leis an riachtanas seo a chomhlíonadh.

I gcásanna áirithe, éileofar ar mhúinteoir cláraithe coinníoll amháin a chomhlíonadh sula ndéanfar an dara ceann a chomhlíonadh. Mar shampla, bíonn sé seo i gceist le bunmhúinteoirí ar gá dóibh aghaidh a thabhairt ar easpa i ndáil le bunmhúinteoireacht luathbhlianta sula gcuirfidh siad tús leis an bpróiseas promhaidh. Sna cásanna sin, ní chuirtear tús leis an tréimhse chun an dara choinníoll a chomhlíonadh go mbeidh an chéad cheann comhlíonta.

Scrúdú Staire & Struchtúir (S&S)

I gcás ina bhfuil clár oideachais múinteoirí curtha i gcrích lasmuigh de Phoblacht na hÉireann ag iarratasóir ar chlárú mar mhúinteoir Iar-bhunscoile, éilítear orthu eolas agus tuiscint a fháil ar stair agus struchtúr chóras oideachais na hÉireann. Is féidir leo é sin a dhéanamh trí Thástáil Inniúlachta a chur i gcrích (déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta é sin a éascú dhá uair sa bhliain) nó Tréimhse Oiriúnachta ar Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo, nó ríomhphost a chur chuig historyandstructure@teachingcouncil.ie 

Tréimhse Ama

Ceadaítear tréimhse trí bliana ar a mhéad leis an riachtanas seo a chomhlíonadh.

Achomhairc ar Choinníollacha Clárúcháin

Is féidir le hiarratasóir a bhfuil coinníoll curtha lena chlárú nó lena clárú athbhreithniú ar chinneadh na Comhairle a iarraidh.

Más rud é nach ndéantar cinneadh na Comhairle i ndáil le coinníollacha a chur i bhfeidhm a aisiompú, féadfaidh iarratasóir iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt go gcuirfí an cinneadh ar neamhní, faoi alt 31(8) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.

Iarratas ar Shíneadh le Coinníoll Clárúcháin

Más rud é nach bhfuil múinteoir cláraithe in ann coinníoll clárúcháin a chomhlíonadh laistigh den tréimhse shonraithe, féadfaidh sé nó sí iarratas ar shíneadh ama a chur chuig an gComhairle. Ní mór an t-iarratas sin a dhéanamh le linn na bliana ina bhfuil an tréimhse shonraithe le dhul i léig. Ní mór don mhúinteoir na deacrachtaí agus/nó na himthosca maolaitheacha atá ag cur bac ar chur i gcrích na mbearta le linn na tréimhse sonraithe a chur in iúl.  Breathnóidh an Chomhairle ar iarratais den sórt sin i gcomhthéacs an chineál coinníll chlárúcháin atá i gceist, an dul chun cinn atá déanta agus an obair atá le déanamh. Déantar gach iarratas ar shíneadh a mheas as féin. Is iad seo a leanas na cúiseanna a mbronntar síneadh de ghnáth:

  • tinneas fada a chuireann cosc ar mhúinteoir bheith ag obair; nó tinneas tromchúiseach ar dhlúthghaol a bhí faoi chúram an mhúinteora
  • cailleadh duine den teaghlach nó cleithiúnaí(ithe) 
  • bronnadh saoire mháithreachais, atharthachta, uchtála, nó saoire gan phá
  • níl fostaíocht faighte ag an múinteoir atá riachtanach leis an gcoinníoll a chomhlíonadh
  • taisteal fad-téarmach thar lear nó fostaíocht lasmuigh d’Éirinn

Féadfaidh an múinteoir iarratas a dhéanamh ar shíneadh tríd an bhFoirm Iarratais ar Shíneadh, EXT-01, (béarla) a chomhlánú. Éileofar fianaise dhoiciméadach mar atá leagtha amach ar chúl na foirme. Déanfaidh an Stiúrthóir nó a ainmní/a hainmní an t-iarratas ar shíneadh ama a bhreithniú. Má dhiúltaítear iarratas, is féidir le hiarratasóir an cinneadh a achomharc. Déanfaidh Coiste Clárúcháin na Comhairle an t-achomharc sin a bhreithniú.

Clárú atá imithe as Feidhm & Athiontrálacha

Clárú atá imithe as feidhm: loiceadh coinníoll clárúcháin a chomhlíonadh le linn na tréimhse sonraithe

Más rud é nach gcomhlíonann múinteoir cláraithe coinníoll clárúcháin le linn na tréimhse sonraithe agus mura bhfuil síneadh ama iarrtha nó bronnta, rachaidh an clárú i léig. Is faoin múinteoir atá sé é a chur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta roimh an data éaga, nuair atá riachtanais an choinníll le bheith comhlíonta; mura ndéanfar é sin, rachaidh an clárú i léig.

Athiontráil ar an gclár tar éis clárú bheith imithe as feidhm

Más mian le múinteoir a bhfuil a chlárú nó a clárú imithe as feidhm go gcuirfí ar an gclár arís é nó í, beidh feidhm ag forálacha alt 31(5) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta. D'fhéadfadh go mbeadh foirm iarratais, tras-scríbhinní, doiciméid fianaise ar charachtar agus doiciméid taca eile le seoladh isteach. Beidh riachtanais bhunaidh an choinníoll le comhlíonadh freisin.

Más rud é go bhfágann múinteoir atá cláraithe le coinníollacha an clár go deonach agus más mian leis nó léi go gcuirfear ar ais ar an gclár é nó í ina dhiaidh sin, ceadófar an fuílleach den tréimhse a bronnadh ar dtús leis na coinníollacha a chomhlíonadh.