Le coinníoll an phromhaidh a chomhlíonadh, ní mór do mhúinteoirí nua-cháilithe iar-bhunscoile tréimhse fostaíochta iar-cháilíochta (FIC) nó Droichead (an tsamhail nua promhaidh) a chur i gcrích. Tá na nósanna imeachta le haghaidh FIC agus Droichead leagtha amach go mion i ndoiciméad na Comhairle: Nósanna Imeachta Ionduchtúcháin agus Nósanna Imeachta agus Critéir Promhaidh 2014/2015.
Mar chuid den FIC ní mór fianaise a chur ar fáil de 300 uair an chloig de thaithí mhúinteoireachta i scoil aitheanta, agus í fíoraithe agus sínithe ag an bpríomhoide. Ní mór go mbainfidh 200 uair an chloig, ar a laghad, den taithí mhúinteoireachta cheadaithe le rang ainmnithe ar chlár ama na Scoile agus d’fhéadfadh Treoir agus Comhairleoireacht bheith san áireamh leis freisin. Is féidir suas le 100 uair an chloig den taithí mhúinteoireachta cheadaithe a chaitheamh ar thacaíocht foghlama, riachtanais speisialta, tacaíocht teanga, nó treoir agus comhairleoireacht. Ceadaítear tréimhse de thrí bliana ar a mhéad leis an riachtanas seo a chomhlíonadh.
Nuair atá an coinníoll seo comhlíonta, ba chóir do chláraithe Foirm B a chomhlánú, í a fháil sínithe agus stampáilte ag Príomhoide na Scoile agus í a sheoladh ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.