D'fhorbair an Chomhairle próiseas iarratais sruthlínithe do mhic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa oideachais múinteoirí agus ar bhreá leo clárú leis an gComhairle. Seo mar a fheidhmíonn sé:
Céim 1 - Tugann an Chomhairle Mhúinteoireachta cuairt ar Choláistí agus ar Ollscoileanna
Déanann ionadaí ón gComhairle Mhúinteoireachta teagmháil (i bpearsain nó ar líne) le mic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa staidéir i ngach coláiste nó ollscoil ina bhfuil clár oideachais múinteoirí á chur ar fáil. Is é cuspóir na cuairte cur síos a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna na Comhairle Múinteoireachta agus faisnéis a sholáthar faoin bpróiseas clárúcháin agus faoi ghrinnfhiosrú an Gharda. Scaiptear na foirmeacha a liostaítear thíos ar lá na cuairte, agus ní mór do mhic léinn iad a chomhlánú agus a thabhairt ar ais mar seo a leanas:
- Foirm Toilithe chun Mionsonraí agus Torthaí Cáilíochta Mic Léinn a Aistriú ón gColáiste/ón Ollscoil chuig an gComhairle Mhúinteoireachta
Iarrann an Chomhairle Mhúinteoireachta mionsonraí mic léinn ó na coláistí agus ó na hollscoileanna chun an próiseas clárúcháin a éascú agus a shimpliú. Tugtar údarás san fhoirm toilithe (béarla) don choláiste nó don ollscoil mionsonraí teagmhála agus torthaí scrúduithe mac léinn a aistriú chuig an gComhairle Mhúinteoireachta. Ba chóir an fhoirm seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig Oifig an Chláraitheora nó chuig Rannán Oideachais an choláiste nó na hollscoile.
I gcás nach gcomhlánfaidh mic léinn atá sa bhliain dheireanach dá gcúrsa staidéir an fhoirm toilithe seo, ní aistreofar a gcuid mionsonraí chuig an gComhairle Mhúinteoireachta agus ní chuirfear tús leis an bpróiseas clárúcháin.
- Foirm Iarratais do Sheiceáil an Gharda Síochána
Ní mór don Gharda Síochána gach múinteoir nua-cháilithe a sheiceáil chun gur féidir iad a chlárú agus iad a fhostú. Is tríd an gComhairle Mhúinteoireachta a eagraítear an tseiceáil sin. Ní féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta iarratas ar chlárú a phróiseáil go dtí go bhfuil an próiseas seiceála tugtha chun críche i ndáil leis an iarratasóir. Ní mór a thabhairt faoi deara go bhféadfadh tréimhse idir 8 seachtaine agus 12 sheachtain a bheith ag teastáil chun an próiseas grinnfhiosrúcháin a chríochnú. Féach, le do thoil, ar an mBileog Clárúcháin do MNCanna (béarla) le haghaidh tuilleadh mionsonraí ar ghrinnfhiosrú an Gharda.
- Foirm um Theistiméireacht faoi Charachtar
De réir an Achta um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 ní foláir do mhic léinn fianaise shásúil ar charachtar a chur ar fáil chun bheith cláraithe ar an gclár. Moltar An Fhoirm um Theistiméireacht faoi Carachtair (béarla)
- a chomhlánú sula ndéantar na scrúduithe deireanacha, agus
- a choinneáil agus a chur ar fáil leis an iarratas ar chlárú a eiseofar chuig múinteoirí nua-cháilithe i mí Iúil 2015.
Féach, le do thoil, ar an mBileog Clárúcháin do MNCanna (béarla) le haghaidh tuilleadh mionsonraí ar an bhFoirm um Theistiméireacht faoi Charachtar.
Moltar go láidir do gach mac léinn atá sa bhliain dheireanach dá chúrsa nó dá cúrsa staidéir freastal ar na seisiúin eolais seo agus na foirmeacha a liostaítear thuas a chomhlánú chun a chinntiú go dtabharfar an próiseas clárúcháin chun críche roimh thús na scoilbhliana. Moltar an Bileog Clárúcháin do MNCanna (béarla) a léamh ina hiomláine, mar mínítear inti gach céim atá i gceist le clárú.
Céim 2 - Déanann Mic Léinn Iarratas ar Chlárú
Seolann an Chomhairle Mhúinteoireachta foirm phearsantaithe chun iarratas a dhéanamh ar chlárú chuig na múinteoirí nua-cháilithe a ndearna an coláiste nó an ollscoil a mionsonraí a aistriú chuici. Ní mór an fhoirm sin a chomhlánú i gceart agus a sheoladh chuig an gComhairle Mhúinteoireachta roimh an spriocdháta a luafar chun a chinntiú go dtabharfar an clárú chun críche roimh an gcéad scoilbhliain eile.
Ní mór Foirm um Theistiméireacht faoi Charachtar a chur ar fáil le gach iarratas ar chlárú.
Tabhair faoi deara: Ní féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta iarratas ar chlárú a phróiseáil go dtí go bhfuil an próiseas grinnfhiosrúcháin tugtha chun críche i ndáil leis an iarratasóir (Féach ar an gcuid a bhaineann le Fianaise ar Charachtar.)
Déantar múinteoirí nua-cháilithe a chlárú le coinníollacha go dtí go gcuireann siad na nithe seo a leanas i gcrích:
- clár ionduchtúcháin
- tréimhse éigeantach d’fhostaíocht iar-cháilíochta (i gcás Múinteoirí iar-bhunscoile) nó Droichead
- promhadh / Droichead (i gcás múinteoirí bunscoile).