Measúnú Cáiliochtaí Iar-Bhunscoile Bronnta in Éirinn

Is féidir na riachtanais do gach ábhar iar-bhunscoile aitheanta a léamh i ndoiciméad na gcritéar (Béarla). Tá liosta táscach de na Céimeanna Aitheanta san áireamh leis an doiciméad freisin.*

Sa chás ina bhfuil cáilíochtaí ag iarratasóir ar chlárú nach bhfuil san áireamh ar an liosta sin, ní mór go ndéanfaidh an Chomhairle a cháilíochtaí nó a cáilíochtaí a mheas. Déantar é seo lena chinntiú go bhfuil siad de chaighdeán coibhéiseach leo siúd atá aitheanta cheana ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Is mar seo a leanas a oibríonn an próiseas:

  1. Déanann an t-iarratasóir iarratas ar mheasúnú ar a gcáilíocht ar an bhfoirm PPQA-01 thíos. Ní mór go ndéanfar bunleaganacha nó cóipeanna deimhnithe de thras-scríbhinní agus lámhleabhair chúrsaí, cruthúnas aitheantais agus fianaise dhoiciméadach eile, mar a shonraítear ar an bhfoirm, a sheoladh isteach in éineacht le foirmeacha iarratais comhlánaithe. Ba chóir d’iarratasóirí féachaint ar an seicliosta atá san áireamh lena chinntiú go bhfuil an fhoirm comhlánaithe go hiomlán sula seolfar isteach í.
  2. Déanann foireann na Comhairle Múinteoireachta an t-iarratas a scrúdú lena chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe go hiomlán agus gur seoladh isteach na doiciméid riachtanacha go léir. Sa chás nach bhfuil sé seo déanta, déantar teagmháil leis an iarratasóir agus iarrtar air nó uirthi aon doiciméid atá fágtha ar lár a sheoladh isteach nó aon chodanna den fhoirm nach bhfuil comhlánaithe a líonadh isteach. Ba chóir go dtabharfadh iarratasóirí faoi deara nach féidir leis an gComhairle aon iarratas a phróiseáil mura bhfuil na doiciméid go léir faighte.
  3. Nuair atá an Chomhairle sásta go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, seolfar ar aghaidh é chuig measúnóir seachtrach.
  4. Déanfaidh Painéal na nIarratas Iar-bhunscoile moltaí an mheasúnóra a athbhreithniú, agus is féidir leis an bPainéal:
    • Tacú le moladh an mheasúnóra
    • Moladh an mheasúnóra a dhiúltú, nó
    • Cinneadh a chur siar, go dtí go bhfaighfear tuilleadh eolais nó soiléiriú ón mheasúnóir nó ón iarratasóir.
  5. Nuair atá cinneadh déanta ag an bPainéal, cuirtear in iúl don iarratasóir é agus, má mheastar gur comhlíonadh na riachtanais chlárúcháin, leanfar ar aghaidh le próiseáil an iarratais de réir Alt 31(5) den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001. Déanfar an t-iarratas a mheas ag féachaint dóibh seo a leanas:
  6. Sa chás go gcinneann Painéal na nIarratas Iar-bhunscoile gan iarratas a cheadú, nó nuair a chuirtear coinníollacha clárúcháin i bhfeidhm, is féidir le hiarratasóirí athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh ó Ghrúpa Athbhreithnithe Clárúcháin na Comhairle. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas Athbhreithnithe ar Chinntí ar fáil anseo.

    Sa chás go ndéanann Grúpa Athbhreithnithe Clárúcháin na Comhairle cinneadh, tar éis athbhreithniú a dhéanamh, tacú le cinneadh Phainéal na nIarratas Iar-bhunscoile, is féidir leis an iarratasóir iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt an cinneadh sin a chur ar neamhní laistigh de 21 lá.

  7. Tagann an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi scáth an Achta Ombudsman (Leasú) 2012.  

*Roimhe seo, mheastaí gur chomhlíon na céimeanna seo na riachtanais d’ábhair ainmnithe, ach ó tharla gur féidir le hábhar chéimeanna agus modúil chéimeanna athrú thar am, tá sé an-tábhachtach go léifidh iarratasóirí an liosta seo in éineacht le riachtanais an ábhair churaclaim. I gcásanna inar Gnáthchéim Bhaitsiléara Leibhéal CNC 7 iad na céimeanna atá ar an liosta, beidh ag iarratasóirí é sin a thabhairt go Leibhéal CNC 8 trí staidéar breise a dhéanamh e.g. bliain fhorlíontach Leibhéal 8, Máistreacht, Ard-Dioplóma nó Dioplóma Iarchéime le bheith incháilithe don chlárú.