Nochtaí Cosanta

Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 i ngníomh ar an 15 Iúil 2014. Tá sé igceist go gcuirfeadhan tAcht creat láidir reachtúil ar fáil ionasgur féidir le hoibrithe ábhair imní a ardú faoi éagóiritheoireacht fhéideartha atá tugthafaoidearaacusa láthair oibre, agus a fhiosacu go bhfuiltarraingtacu ar chosaintshuntasach fostaíochta aguseile má dhéanann a bhfostóir iad a phionósú nó má fhulaingíonn siadaimhleas ar bith as sin a dhéanamh.

Tá de dhualgas ar an gComhairlefaoin reachtaíocht (i) beartas a chur in áit d’oibrithe a thagannfaoi shainchúram díreach na Comhairle, agus (ii) beartasseachtrach um nochtadhcosanta a chur in áit d’oibrithe/ d’fhostaithe eagraíochtaí eilemaidir le hábhair a thagannfaoi théarmaí tagartha an Achta um Chomhairle Mhúinteoireachta.

Is mar seo a mhínítear raonfeidhmena n-ábhar sin.

  1. Gairm na múinteoireachta agusiompar gairmiúil múinteoirí a rialáil;
  2. Caighdeáin a bhunú, agus cothabháil agus feabhsú na gcaighdeán sin a chur chuncinn, maidir le: cláir oideachaisagus oiliúna do mhúinteoirí; múinteoireacht, eolas, oilteachtagus inniúlachtaí múinteoirí imbunscoileannaagusiar-bhunscoileannaaitheanta; agusiompar gairmiúil múinteoirí;
  3. Oideachas agus oiliúint leanúnach agusforbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a chur chuncinn.

    Rinne an Chomhairle a beartas seachtrach um nochtadh cosanta a fhaomhadh le deireanas, agus tugtar anseo é.

    Duine seachtrach é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar féidir le hoibrí nochtadh cosanta a dhéanamh leis, a fhad is go dtagann an nochtadh faoi raon feidhme obair na Comhairle Múinteoireachta.

    Tugtar thíos roinnt ceisteanna coitianta faoi nochtaí cosanta, agus faoin uair is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

    Má tá tuilleadh eolais uait faoi nochtadh cosanta a dhéanamh le Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, déan teagmháil, le do thoil, le:

    Brendan Uas. O’Dea - Leas-Stiúrthóir – 01 651 7900 nó Carmel Uas. Kearns – Oifigeach Oideachais – 01 651 7900

    1. Céard é an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014?

    Baineann nochtadhcosanta le cúinse ina ndéanann oibrí faisnéis a nochtadhfaoi éagóiritheoireacht ábhartha (“éagóiritheoireacht iomchuí”). “Sceithireacht” a thugtar air uaireanta.

    Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 (“an tAcht”) ibhfeidhm, 15 Iúil 2014. Chun teacht ar an Acht cliceáil anseo le do thoil.

    Creat atá san Acht d’oibrithechun éagóiritheoireacht a nochtadh atá tugthafaoi deara acu le linn a bhfostaíochta. Tá tuilleadheolaisfaoin rud is nochtadhcosanta é, agusfaoinabhfuiligceist le héagóiritheoireacht ábhartha faoicheist 8 thíos. Féadfann oibrí nochtadhcosanta a dhéanamh go hinmheánach lena f(h)ostóir nó go seachtrach le daoine áirithe. Ba cheart d’oibrí, más féidir, a (h)ábhar imní a chur in iúl de réir bheartas um nochtadh cosantaa f(h)ostóra ar an gcéad dul síos, más féidir.

    Aithníonn an Chomhairle Mhúinteoireachta go bhféadfadh oibrí, i gcúinsí áirithe, a bheith ag iarraidhnochtadh a dhéanamh taobhamuigh de nós imeachta inmheánach a f(h)ostóra.  Is duineseachtrach Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar féidir le hoibrí nochtadhcosanta a dhéanamh leis. Chun nochtadhcosanta a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta, caithfidh an nochtadhteachtfaoiraonfeidhmeobairna Comhairle Múinteoireachta. Tugtareolasbreise, faoicheist 10, faoin slí le nochtadhcosanta a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

    Tugann an tAcht cosaint d’oibrithe freisin ó chaingean a thógfadh a gcuid fostóirí ina gcoinne agus nochtaí áirithe á ndéanamh acu ar mhaithe le leas an phobail. Tugtar tuilleadh eolais faoi cheist 21 thíos maidir leis an gcosaint atá ann d’oibrithe a dhéanann nochtadh cosanta.

    2. Cé atá in ann nochtadh cosanta a dhéanamh?

    Chun nochtadh cosanta a dhéanamh, caithfidh gur oibrí an té a dhéanann an nochtadh.  Nochtadh á dhéanamh ag duine ar bith eile, ní “nochtadh cosanta” é faoin Acht seo.

     

    Áirítear mar ‘oibrí’, fostaithe, iarfhostaithe, conraitheoirí neamhspleácha, oiliúnaithe, foireann gníomhaireachtaí, daoine ar thaithí oibre agus saorálaithe/ daoine deonacha. I scoil nó in institiúid oideachais eile d’fhéadfadh múinteoirí a bheith san áireamh (agus múinteoirí ionaid agus ábhair mhúinteoirí ar shocrúcháin scoile freisin), léachtóirí, cúntóirí riachtanas speisialta, teagascóirí, foireann riaracháin agus foireann tacaíochta eile.

    3. Cé leis is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh?

    Faoin Acht, is féidir le hoibrí nochtadh cosanta a dhéanamh go hinmheánach lena f(h)ostóir. Ba chóir an t-ábhar imní a thógáil le d’fhostóir ar an gcéad dul síos, más féidir.

     

    Is féidir le hoibrí nochtadh cosanta a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta áfach, nuair is nochtadh é a thagann faoi raon feidhme obair na Comhairle Múinteoireachta. Nuair a dhéantar nochtadh go seachtrach leis an gComhairle Mhúinteoireachta, bíonn caighdeán níos airde i bhfeidhm don déanamh nochta seachas don nochtadh a dhéantar leis an bhfostóir. An té a dhéanann an nochtadh, caithfidh go gcreideann sé/sí le réasún go bhfuil an fhaisnéis atá á nochtadh, nó aon líomhain san fhaisnéis sin, fíor go substaintiúil.

    4. Is oibrí mé agus ba mhaith liom nochtadh cosanta a dhéanamh le duine seachas m’fhostóir faoi chúrsaí oideachais agus múinteoireachta. Cé leis ar cheart dom an nochtadh a dhéanamh?

    Is féidir nochtaí cosanta a dhéanamh go seachtrach, faoin Acht, le daoine áirithe a dtugtar “daoine forordaithe” orthu, agus iad ainmnithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun glacadh le nochtaí cosanta. Ina measc tá ardoifigigh agus oifigigh shinsearacha comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí rialála áirithe.

     

    Is duine seachtrach Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar féidir nochtadh cosanta a dhéanamh leis.

    Maidir le nochtadh faoi chúrsaí oideachais agus múinteoireachta, is iad seo a leanas na daoine iomchuí:

     

    • Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna

    • Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Ard-Oideachas

    • Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin um Scrúduithe Stáit

    • Príomhfheidhmeannach Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann

    • Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta

       

      Chun nochtadh a dhéanamh leis na daoine thuasluaite, caithfidh gur nochtadh é a thagann faoi raon feidhme obair na gcomhlachtaí sin. Má tá tuilleadh eolais uait, cliceáil anseo le do thoil, chun teacht ar an reachtaíocht a thugann eolas faoi na hábhair ar féidir leis na comhlachtaí thuas nochtaí a fháil ina leith.

    5. Cathain is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta?

    Is duine seachtrach é Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar féidir le hoibrí nochtadh cosanta a dhéanamh leis.

    Chun nochtadh a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta, caithfidh go dtagann an nochtadh faoi raon feidhme obair na Comhairle Múinteoireachta.

    Is é sin, caithfidh gur nochtadh cosanta é a bhaineann le:

     

    • rialáil ghairm na múinteoireachta agus iompar proifisiúnta múinteoirí, nó

    • caighdeáin a bhunú, agus cothabháil agus feabhsú na gcaighdeán sin a chur chun cinn, maidir le: cláir oideachais agus oiliúna do mhúinteoirí; múinteoireacht, eolas, oilteacht agus inniúlachtaí múinteoirí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta; agus iompar gairmiúil múinteoirí;

    • oideachas agus oiliúint leanúnach agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a chur chun cinn.

       

      Tugtar eolas breise faoi cheist 19 thíos.

    6. Céard atá i gceist le nochtadh cosanta?

    Is é atá i gceist le 'nochtadh cosanta' faoin Acht, faisnéis ábhartha a nochtadh:

    1. a léiríonn, i dtuairim réasúnach an oibrí, éagóiritheoireacht ábhartha amháin, nó níos mó (féach ceist 8 thíos),

    2. a tháinig ar aird an oibrí i gcomhthéacs a c(h)uid fostaíochta, agus

    3. maidir le nochtadh seachtrach atá á dhéanamh ag oibrí le Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, caithfidh go gcreideann an t-oibrí go bhfuil aon fhaisnéis a nochtar agus aon líomhain san fhaisnéis sin, fíor go substaintiúil.

    Bíonn caighdeán níos airde i bhfeidhm nuair a dhéanann oibrí gearán go seachtrach leis an gComhairle Mhúinteoireachta. An caighdeán níos airde sin, sin an riachtanas ag (3), ar riachtanas breise é nuair a dhéanann oibrí nochtadh go seachtrach leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

    7. Céard is éagóiritheoireacht iomchuí ann/ éagóiritheoireacht ábhartha?

    Chun gur nochtadh cosanta an nochtadh, caithfidh tuairim le réasún a bheith ag oibrí go léiríonn an fhaisnéis atá i gceist éagóiritheoireacht amháin nó níos mó ábhartha. Le haghaidh eolas breise faoi “tuairim le réasún” féach faoi cheist 9 thíos.

    Cuimsíonn éagóiritheoireacht ábhartha iad seo a leanas a rinneadh, atáthar a dhéanamh nó ar dócha go ndéanfar nó a tharlóidh amach anseo.

    1. Cion coiriúil;

    2. Mainneachtain dualgas dlíthiúil a chomhlíonadh seachas iad sin a eascraíonn faoi chonradh fostaíochta oibrí;

    3. Iomrall ceartais;

    4. Sláinte nó sábháilteacht duine ar bith á cur i mbaol;

    5. Damáiste don chomhshaol;

    6. Úsáid neamhdhleathach nó mhíchuí a bhaint as cistí nó acmhainní comhlachta phoiblí nó as aon airgead poiblí eile;

    7. Gníomh nó neamhghníomh déanta ag nó thar ceann comhlachta phoiblí atá leatromach, idirdhealaitheach, mórfhaillitheach nó gur mór-mhíbhainistíocht atá ann;

    8. Aon cheann díobh sin thuas a cheilt d’aon ghnó.

    8. Agus nochtadh cosanta á dhéanamh agam, tuigim go gcaithfidh “tuairim le réasún” a bheith agam. An ionann sin is a rá go gcaithfidh go bhfuil an ceart agam má chreidim go bhfuil éagóiritheoireacht á déanamh?

    Ní chiallaíonn “tuairim le réasún” go gcaithfidh go bhfuil an tuairim ceart. Tá oibrí i dteideal tuairim mhícheart a bheith aige/aici a fhad is go raibh bonn réasúnach leis an tuairim. Ní dhéanfar oibrí a phionósú as a bheith mícheart maidir le tuairim réasúnach, a fhad is go raibh tuairim le réasún ag an oibrí go raibh éagóiritheoireacht á léiriú san fhaisnéis a nochtadh nó go bhféadfaí éagóiritheoireacht a léiriú inti. Cuirtear caighdeán níos airde i bhfeidhm áfach nuair a dhéantar nochtadh cosanta go seachtrach le daoine eile.

    Dá réir sin má tá nochtadh cosanta á dhéanamh agat leis an gComhairle Mhúinteoireachta, tá sé tábhachtach a chur san áireamh go gcaithfidh go gcreideann tú freisin go bhfuil an fhaisnéis a nochtar, agus aon líomhain san fhaisnéis sin, fíor go substaintiúil.

    9.Agus má bhaineann an nochtadh a dhéanaim leis an gcaoi a chaitheann m’fhostóir liom?

    Má bhaineann an nochtadh atá á dhéanamh agat le do chúinsí pearsanta san obair, le téarmaí agus coinníollacha d’fhostaíochta nó leis an slí a chaitear leat san obair, ansin ní leis an gComhairle Mhúinteoireachta ba cheart an nochtadh a dhéanamh. Sna cásanna sin ba cheart duit nós imeachta d’ionaid oibre maidir le casaoid a cheadú.

    10. Cén chaoi a ndéanaim nochtadh le Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta?

    Ba chóir an t-ábhar imní a thógáil le d’fhostóir i dtosach báire, sa mhéid is féidir.

    Aithníonn an Chomhairle Mhúinteoireachta go bhféadfadh oibrí, i gcúinsí áirithe, a bheith ag iarraidh nochtadh a dhéanamh taobh amuigh de nós imeachta inmheánach a f(h)ostóra.

    Má theastaíonn uait nochtadh cosanta a dhéanamh le Stiúrthóir[1] na Comhairle Múinteoireachta, ba cheart, maidir leis an nochtadh cosanta,

    • Go mbeadh sé i scríbhinn. Mura bhfuil tú in ann an nochtadh a dhéanamh i scríbhinn, ar mhiste leat teagmháil a dhéanamh linn le do thoil, le cuidiú a fháil. 
    • Go mbeadh sonraí ann, faoi d'ainm, do phost agus/ nó do ról. 
    • Go mbeadh faisnéis ann, firicí san áireamh, a d'fhéadfadh an éagóiritheoireacht a léiriú agus an rud a tharla. 
    • Go mbeadh na dátaí ábhartha uile ann agus na sonraí ábhartha eile ar fad. 
    • Go dtabharfaí na cúiseanna leis an ábhar imní a bheith á ardú. 

    [1] Nó is féidir nochtadh a dhéanamh le Cathaoirleach na Comhairle nó le hOifigeach Nochtaí Cosanta na Comhairle (Carmel Kearns) nó leis an Leas-Stiúrthóir a bhfuil freagracht air as socruithe maidir le nochtaí cosanta (Brendan O’Dea).

    11. An gcosnófar mo chéannacht má dhéanaim nochtadh?

    Tá súil ag an gComhairle Mhúinteoireachta go mbeadh oibrí in ann ábhair imní a thuairisciú go hoscailte. Aithníonn an Chomhairle Mhúinteoireachta áfach go mb’fhéidir go dteastódh ó oibrí ábhar imní a ardú faoi rún.

    Tá dualgas ar an gComhairle Mhúinteoireachta nuair a fhaigheann sí nochtadh cosanta céannacht an té a dhéanann an nochtadh a chosaint. Tá sé tábhachtach a nótáil áfach nach féidir ráthaíocht a thabhairt maidir le cosaint chéannacht an té a dhéanann nochtadh cosanta i ngach cás, agus gur féidir í a nochtadh faoi chúinsí áirithe.

    Foráiltear faoin Acht go gcosnófar céannacht an té a dhéanann nochtadh ach amháin:

    • Nuair a léiríonn an faighteoir (An Chomhairle Mhúinteoireachta) go ndearna sé/sí gach beart réasúnach leis an nochtadh a sheachaint.

    • Go gcreideann an faighteoir le réasún nár mhiste leis an té a rinne an nochtadh a c(h)éannacht a bheith á foilsiú.

    • Má bhí tuairim le réasún ag an bhfaighteoir gur ghá an nochtadh a dhéanamh

      • Ar mhaithe leis an éagóiritheoireacht a bhí i gceist a imscrúdú

      • Chun teacht roimh riosca tromchúiseach do shlándáil an Stáit, don tsláinte phoiblí, don tslándáil phoiblí nó don chomhshaol.

      • Chun coireacht a chosc nó cion coiriúil a ionchúiseamh

    • Más gá an nochtadh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail nó de réir dlí.

    D’fhéadfadh cuid de na cúinsí eisceachtúla thuas a bheith i gceist má dhéantar nochtadh leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi ábhair thromchúiseacha. Agus nochtadh á dhéanamh arbh údar mórimní é i leith cosaint leanaí nó ábhair thromchúiseacha áirithe a bhaineann le 

    cúrsaí coireachta, b’fhiú nótáil go bhfuil de dhualgas ar an gComhairle Mhúinteoireachta na hábhair sin a thuairisciú leis na húdaráis chuí, An Garda Síochána agus/nó Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) ina measc.

    Má iarrann tú go ndéanfaí do chéannacht a chosaint trí do chéannacht a choinneáil faoi rún, ní dhéanfaidh Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta do chéannacht a nochtadh gan do chead, seachas sna cúinsí a bhfuil cur síos orthu thuas.

    Má tá imní ar oibrí go nochtfaí a c(h)éannacht agus go bhféadfaí é/í a phionósú, ba cheart don oibrí dul i dteagmháil le Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta agus is féidir bearta cuí a phlé, agus sa mhéid is féidir, beart a dhéanamh chun an rúndacht a chosaint. Mura féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta ábhar imní a iniúchadh gan céannacht an oibrí a nochtadh, déanfaidh an Stiúrthóir plé leis an oibrí, féachaint an féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta dul ar aghaidh leis an nochtadh a imscrúdú. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin tslí a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta nochtaí cosanta a imscrúdú, féach ceist 15 thíos, le do thoil.

    12. An dtig liom athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta mo chéannacht a nochtadh?

    Is féidir athbreithniú a iarraidh maidir leis na nithe seo a leanas;

    1. Má dhéantar cinneadh céannacht an nochtóra a nochtadh;

    2. Toradh measúnachta nó imscrúdaithe ar bith a rinneadh i leith an nochta chosanta, nó

    3. Toradh measúnachta nó imscrúdaithe ar bith i leith gearán ar bith.

       

    Féachfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta le comhalta den ardbhainistíocht a chur i mbun an athbhreithnithe, comhalta nach raibh aon bhaint aige/aici leis an gcinneadh atáthar a athbhreithniú. Níl teidlíocht ar níos mó ná aon athbhreithniú amháin maidir leis an saincheist chéanna.

    13. An dtig liom nochtadh cosanta anaithnid a dhéanamh?

    Molann an Chomhairle Mhúinteoireachta d’oibrí a dhéanann nochtadh cosanta a (h)ainm a thabhairt mar aon lena p(h)ost agus/nó a ról.

    Is féidir nochtadh anaithnid a dhéanamh. Rachaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta i mbun gnímh de réir mar is cuí maidir le nochtaithe cosanta anaithnide, an méid is féidir. B’fhéidir áfach nach mbeadh an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann nochtadh cosanta anaithnid a imscrúdú go hiomlán, nó in aon chor, gan céannacht an té a dhéanann an gearán a bheith ar eolas.

    Is fiú a nótáil maidir le hoibrí a ndearnadh pionósú air/uirthi de réir an Achta, nach féidir leis/léí sásamh a fháil faoin Acht gan é/í féin a shainaithint.

    14. An gá dom an éagóiritheoireacht a imscrúdú nó cruthúnas ar an éagóiritheoireacht a chur ar fáil sula ndéanaim an nochtadh cosanta?

    Ní gá duit ná níl tú i dteideal cúrsaí a imscrúdú tú féin chun cruthúnas ar an éagóiritheoireacht a fháil agus níor cheart duit tabhairt faoi.  Má theastaíonn uait nochtadh cosanta a dhéanamh, níl le déanamh agat ach cibé faisnéis atá agat a thabhairt. Caithfidh an fhaisnéis a bheith bunaithe ar thuairim le réasún go nochtann sí éagóiritheoireacht agus, nuair is faisnéis faoi dhaoine aonair í, go bhfuil sé riachtanach an fhaisnéis sin a nochtadh. Agus nochtadh cosanta á dhéanamh agat le Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, caithfidh go gcreideann tú freisin go bhfuil an fhaisnéis atá á nochtadh, agus aon líomhain san fhaisnéis sin, fíor go substaintiúil. 

    15. Cé mar a dhéanfar imscrúdú ar an nochtadh a dhéanaim?

    Nuair a fhaightear nochtadh, déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta imscrúdú tosaigh air a mbeidh próiseas scagtha mar chuid de. Is é sin, déanfar an nochtadh a athbhreithniú chun a dheimhniú (i) cé acu an nochtadh cosanta atá ann nó nach ea agus/nó (ii) cé acu an dtagann/ nach dtagann sé faoi raon feidhme na Comhairle Múinteoireachta.

    Cuirfear cinneadh Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta in iúl duit.

    Má tá Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta den tuairim gur saincheist fostaíochta atá sa nochtadh, cuirfear é sin in iúl duit agus déanfar tú a atreorú chuig nósanna imeachta inmheánacha d’fhostóra maidir le casaoid.

    Má chinneann an Chomhairle Mhúinteoireachta nach dtagann an nochtadh faoi raon feidhme na Comhairle Múinteoireachta, ní hionann sin is a rá nach nochtadh cosanta an nochtadh atá á dhéanamh agat. Is féidir go mbeidh tú fós in ann do nochtadh cosanta a dhéanamh le duine cuí eile nó le comhlacht cuí eile. Cuirfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta in iúl duit mura dtagann an t-ábhar faoi raon feidhme na Comhairle Múinteoireachta. D’fhéadfaí, sa mhéid is féidir, tú a chur ar an eolas faoi dhaoine eile a bhféadfá an nochtadh a dhéanamh leo.

    16. Cé na cumhachtaí atá ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun nochtadh cosanta a imscrúdú?

    Ní féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta nochtaí a imscrúdú ach amháin i gcomhréir lena cuid reachtaíochta, na hAchtanna um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001-2015. Níor tugadh aon chumhachtaí imscrúdaithe breise don Chomhairle Mhúinteoireachta faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014.

    Is é príomhról na Comhairle Múinteoireachta caighdeáin ghairmiúla a leagan síos agus múinteoirí a rialáil ar mhaithe le leas an phobail. Déanann sí é sin trína cuid feidhmeanna clárúcháin, oideachais agus oiliúna, agus feidhmiúlachta chun múineadh.    Baineann cumhachtaí h imscrúdaithe na Comhairle Múinteoireachta, faoina cuid reachtaíochta, le gearáin a imscrúdú faoi fheidhmiúlacht múinteora chun múineadh. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi phróiseas na Comhairle Múinteoireachta maidir le gearáin, cliceáil anseo le do thoil.

    Is é sin, is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta, i gcomhréir lena próiseas maidir le gearáin, nochtaí cosanta a imscrúdú faoi fheidhmiúlacht múinteora chun múineadh.

    Is fiú a nótáil nach bhfuil de chumhacht ag an gComhairle Mhúinteoireachta, faoina cuid reachtaíochta, saincheisteanna a imscrúdú faoi scoileanna nó faoi institiúidí oideachasúla eile. Féach faoi cheist 19 le do thoil, le haghaidh treoir faoi pholasaí na Comhairle Múinteoireachta i leith faisnéis atá lasmuigh de chumhachtaí imscrúdaithe na Comhairle Múinteoireachta.

    Is fiú a nótáil, agus nochtadh á dhéanamh a ardaíonn ceisteanna tromchúiseacha faoi ábhair thromchúiseacha áirithe a bhaineann leis an gcoireacht, go bhfuil de dhualgas ar an gComhairle Mhúinteoireachta a leithéidí a thuairisciú leis na húdaráis chuí, agus go bhféadfadh An Garda Síochána agus Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) a bheith i gceist.

    17. Agus má bhaineann an nochtadh a dhéanaim le cosaint leanaí nó le cionta coiriúla?hat if my disclosure relates to child protection or criminal offences?

    Má bhaineann do ghearán leis an gcosaint leanaí nó le cionta coiriúla, is féidir go mbeidh dualgas sainordaitheach ar an gComhairle Mhúinteoireachta tuairisciú leis an nGarda Síochána nó le Tusla faoin reachtaíocht seo a leanas:

    • An tAcht um Cheartas Coiriúil (Faisnéis faoi chionta in aghaidh leanaí agus daoine soghonta a choimeád siar), 2012

    • Na hAchtanna um an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta). 2012 go 2016

    • Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leasa Leanaí 2011 (Children First Guidelines 2011)

    I gcásanna ina ndéantar nochtadh cosanta leis an gComhairle Mhúinteoireachta, déanfar an scéal a bhreithniú maidir le cibé an bhfuil ceanglais tuairiscithe shainordaitheacha ag eascairt as. B’fhéidir go gcaithfeadh an Chomhairle Mhúinteoireachta, sna cúinsí sin, céannacht an té a rinne an nochtadh a fhoilsiú. Féach ceist 12 le do thoil d’fhaisnéis bhreise faoi na cúinsí faoina bhféadfadh an Chomhairle Mhúinteoireachta céannacht an té a dhéanann nochtadh a fhoilsiú.

    18. Céard faoi nochtadh a dhéantar leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus atá lasmuigh de raon imscrúdaithe na Comhairle?

    Má dhéantar nochtadh cosanta atá lasmuigh de raon imscrúdaithe na Comhairle Múinteoireachta, b’fhéidir go mbeadh comhlachtaí oiriúnacha eile ann a bheadh in ann an t‑imscrúdú a dhéanamh, e.g. Boird Bhainistíochta scoileanna nó institiúidí oideachasúla eile, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Ard-Oideachas agus Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin um Scrúduithe Stáit nó daoine eile.

    Mura bhfuil an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann nochtadh cosanta a imscrúdú déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta a dícheall, sa mhéid is féidir, eolas a chur ar fáil duit faoin áit inar cheart an nochtadh cosanta a dhéanamh.

    D’fhéadfadh an nochtadh a bheith chomh tromchúiseach i gcomhthéacsanna ar leith, nárbh í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht cuí le dul i mbun imscrúdaithe.

    D’fhéadfadh an Chomhairle Mhúinteoireachta i gcásanna áirithe ábhar a chur faoi bhraid na n‑údarás cuí, ar nós An Garda Síochána nó Tusla (an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach), nó d’fhéadfadh sí comhairliú don oibrí a dhéanann an nochtadh é sin a dhéanamh. Is dócha gur mar sin a bheadh nuair a ardaítear ceist faoi chosaint leanaí nó má dhéantar ábhair thromchúiseacha a bhainfeadh leis an gcoireacht a nochtadh don Chomhairle Mhúinteoireachta.

    19. An bhfuil dualgas ar an gComhairle Mhúinteoireachta do mhúinteoir a ndearnadh nochtadh cosanta ina leith?

    Tá. Má dhéantar nochtadh cosanta faoi mhúinteoir agus go bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta imscrúdú a bhunú maidir le feidhmiúlacht múinteora chun múineadh, tá ceanglas ar an gComhairle Mhúinteoireachta cloí le prionsabail an cheartais aiceanta agus nósanna imeachta cóir cothrom san imscrúdú a dhéanann sí. Faoin gceartas aiceanta tá de cheart ag an múinteoir agóid a dhéanamh i gcoinne na fianaise a chuirtear ina leith. Déanfar an ceart sin a chóimheá leis na cearta a liostaítear thuas, an ceart ar chosaint céannachta san áireamh. Féach ceist 12 thuas maidir le cosaint na céannachta. Faoi mar a leagtar amach thuas, níl ráthaíocht ann maidir leis an gceart chun do chéannacht a chosaint. B’fhéidir nach gcuirfí cosaint do chéannachta i bhfeidhm i gcásanna, mar shampla, ina gceapfadh an Chomhairle Mhúinteoireachta le réasún gur gá do chéannacht a fhoilsiú ar mhaithe le himscrúdú éifeachtach ar an éagóiritheoireacht, faoina próiseas imscrúdaithe gearán. Maidir le cé acu an gá do chéannacht a fhoilsiú, braithfidh sé sin ar fhíricí gach cás ar leith, ar an líomhain a dhéantar in aghaidh múinteora agus ar an saghas líomhna atá ann. Sula ndéantar ábhar a imscrúdú déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta cinneadh féachaint an gá faisnéis fút a nochtadh a léireodh do chéannacht. Cuirfear an cinneadh in iúl duit roimh ré, seachas i gcásanna eisceachtúla. Féach ceist 11 thuas, maidir le cosaint na céannachta.

    20. An gcuirfear na himscrúduithe agus toradh an imscrúdaithe in iúl dom?

    Próiseas faoi rún é próiseas imscrúdaithe na Comhairle Múinteoireachta maidir le feidhmiúlacht múinteora chun múineadh. Dá réir sin chun nós imeachta cothrom a chinntiú don mhúinteoir agus chun a chinntiú nach mbeadh aon chlaontacht san imscrúdú ní bheidh an Chomhairle Mhúinteoireachta in ann gach eolas a thabhairt duit faoin imscrúdú. Féadann an Chomhairle Mhúinteoireachta geallúint duit maidir le nochtaí cosanta a imscrúdófar faoina próiseas imscrúdaithe gearán, go ndéanfar lánchúram díobh de réir a cuid cumhachtaí faoin reachtaíocht.

    21. An féidir mé a phionósú as nochtadh cosanta a dhéanamh?

    Nuair a dhéantar nochtadh cosanta bíonn oibrí i dteideal na gcosaintí seo a leanas faoin Acht:

    1. Cosaint ar dhífhostú - Oibrí a dhífhostaítear mar go ndearna sé/sí nochtadh cosanta, féadann sé/sí suas le 5 bliana de luach saothair a éileamh ar a f(h)ostóir faoin Acht um Dhífhostú Eagórach 1977. Is féidir iarratas a dhéanamh freisin don Chúirt Chuarda ar fhaoiseamh go dtí go ndéanfar cinneadh nó socraíocht ar éileamh maidir le dífhostú éagórach, lena n-áirítear athfhostú.

       

    2. Cosaint ar phionósú - Oibrí a ndéanann a f(h)ostóir é/í a phionósú as nochtadh cosanta a bheith déanta, féadfaidh sé/sí gearán a thabhairt go dtí an Coimisinéir um Chearta. Má éiríonn leis an ngearán, d’fhéadfadh go mbeadh ar an bhfostóir suas le 5 bliana de luach saothair a íoc mar chúiteamh. Cuimsíonn ‘pionósú’ cur ar fionraí, dífhostú, ísliú céime, cóir éagórach, idirdhealú, ciapadh nó bagairt díoltais;

       

    3. Díolúine ó dhliteanas sibhialta - Ní féidir imeachtaí sibhialta (seachas clúmhilleadh) a thógáil in aghaidh duine as nochtadh cosanta a bheith déanta;

       

    4. Dliteanas as íospairt - Duine a ndearnadh comhéigean, imeaglú, ciapadh nó idirdhealú air/uirthi, a cuireadh faoi mhíbhuntáiste, ar caitheadh go díobhálach leis/léí i leith fostaíochta (nó fostaíocht amach anseo), a d’fhulaing gortú, damáiste, caillteanas nó bagairt díoltais as nochtadh cosanta a bheith déanta aige/aici, féadfaidh sé/sí imeachtaí sibhialta a thógáil in aghaidh an duine sin;

       

    5. Cosaint i dtaca le hionchúiseamh coiriúil - In ionchúiseamh as cion a choisceann nó a theorannaíonn nochtadh faisnéise, is cosaint é a léiriú gur creideadh le réasún gur nochtadh cosanta a bhí sa nochtadh.

    Rud eile, má bhagraítear gníomh araíonachta tar éis duit nochtadh a dhéanamh, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna ar fhaoiseamh eatramhach, ar nós urghaire lena gcoiscfear dífhostú. 

    22. Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh?

    Má tá tuilleadh eolais uait faoi nochtadh cosanta a dhéanamh, déan teagmháil, le do thoil, le:

    Brendan O’Dea – Leas-Stiúrthóir, an Chomhairle Mhúinteoireachta – 01 651 7900

    Carmel Kearns – Oifigeach Oideachais, an Chomhairle Mhúinteoireachta - 01 651 7900

    Nótáil, le do thoil, nach féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta comhairle dhlíthiúil a chur ort faoi nochtadh cosanta a dhéanamh.