Mura bhfuil tú sásta le freagra na Comhairle Múinteoireachta is féidir leat a iarraidh go ndéanfadh ball foirne níos sinsearaí laistigh den Chomhairle athscrúdú ar an gcinneadh. Ba chóir iarratais le hathbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh, in éineacht le táille €30.00 nó táille laghdaithe €10.00 do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu, a chur chuig an Rannóg SF, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Ríomhphost:communications@teachingcouncil.ie
Tabhair faoi deara: Ní bhaineann na táillí seo ach le hiarratais Neamhphearsanta.
Mura bhfuil tú sásta go fóill leis an gcinneadh; tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Ba chóir na hiarratais leis na táillí cuí (€50.00 nó táille laghdaithe de €15.00 do dhaoine a bhfuil cártaí leighis acu) a chur díreach ar aghaidh chuig an seoladh seo a leanas:
Ríomhphost: info@oic.gov.ie
Sa Phost: Oifig an Choimisinéara Faisnéise, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 639 5689