Ag FÉILTE 2015 bhí reáchtálamar an chéad Researchmeet in Éirinn. Bhí an t-imeacht seo bunaithe ar fhormáid Teachmeet ar éirigh that cion léi, áit a ndearna múinteoirí a bhí rannpháirteach i gcineálacha éagsúla taighde nanailéirithe faoina n-ábhar. Is gné bhuan de chuid FÉILTE é Researchmeet anois.
Ag Researchmeet tosófar le sraith nanailéirithe, ina gcuirfidh múinteoirí a n-ábhar taighde i láthair taobh istigh de 7 nóiméad.
Ceann amháin de na spriocanna de Researchmeet is ea an mhistéir a bhaineann le cúrsaí taighde a bhaint don ghairm agus don phobal i gcoitinne, agus béim ar leith ar na cineálacha éagsúla taighde lena mbíonn múinteoirí rannpháirteach (máistreacht nó dochtúireacht iarchéime, taighde feidhmeach etc.) Ba chóir, mar sin, go mbainfeadh na múinteoirí agus an pobal ciall as na nanailéirithe ar bhealach atá tarraingteach dóibh.
Tar éis na léirithe a dhéanamh, tabharfar áit ar leith sa seomra do na múinteoirí, inar féidir leo tuilleadh plé a dhéanamh faoina gcuid taighde leis na rannpháirtithe, nó fiú comhairle nó cuidiú a thabhairt do na taighdeoirí faoin ábhar atá i gceist. Beidh an chuid seo de Researchmeet neamhfhoirmeálta. Tugtar le tuiscint ón aiseolas a tháinig sna blianta roimhe seo gur bhain na rannpháirtithe an-tairbhe as na comhráite gairmiúla a bhí ar siúl ag an staid seo de Researchmeet.
Tá níos mo eolas maidir leis an Researchmeet i mbliana le fáil ar Aip FÉILTE gur féidir leat íoslódáil ón App Store agus Google Play.
Éist le audio gearr ar cur síos taithí muinteoir amháin ag Researchmeet