Clár Gairmiúil don Iontráil chun na Gairme (CEPP)

Comhairliúchán

Is clár nua é an Clár Gairmiúil don Iontráil chun na Gairme (CEPP) atá á mholadh ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár oiriúnach do mhúinteoir nuacháilithe ar mian leis/léi a bheith cláraithe. Moltar go dtiocfaidh CEPP in ionad na socruithe atá ann faoi láthair don ionduchtú ar mhúinteoirí nuachláraithe agus dá bpromhadh ar mhaithe leis an gclárúchán.

Tá doiciméad comhairliúcháin foilsithe anois a leagan amach na príomheilimintí den CEPP, an fráma ama chun an clár a chríochnú, príomhthréimhsí na gclár agus róil na bpáirtithe leasmhara éagsúla ar a n-áirítear an múinteoir nuachláraithe, an meantóir, an príomhoide scoile, an chigireacht, an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí agus an Chomhairle Mhúinteoireachta.

Gliogáil anseo le do thoil chun an doiciméad comhairliúcháin a léamh nó a íoslódáil

 

Sna seachtainí atá le teacht, beidh an Chomhairle páirteach i gcomhairliúchán cuimsitheach maidir le CEPP. Bualfar le raon páirtithe leasmhara ar a n-áirítear meantóirí, eagraíochtaí príomhoidí, eagraíochtaí bainistíochta scoile agus cumainn mhúinteoirí, chun na moltaí a chur faoina mbráid agus chun aischothú futhu sin a fháil. Tá fáilte á chur ag an gComhairle freisin roimh aischothú i scríbhinn agus is é an spriocdháta do na haighneachtaí sin ná 5 i.n. ar an Aoine 24 Feabhra 2012.

Iarrtar orthu siúd ar mian leo aischothú a sholáthar a leithéid a dhéanamh ag baint úsáide as an bhfoirm aischothaithe CEPP atá leagtha amach dá leithéid.

Gliogáil anseo le do thoil chun an fhoirm a íoslódáil

 

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an bpróiseas clárúcháin, cuir iad ar ríomhphost le do thoil chuig oide@oide.ie
 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords