Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí

De réir mar atá in Imlitir na Roinne Oideachais agus Scileanna 0058/2010, tá fáil as an nua ó Mheán Fómhair 2010 ar Chlár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí don uile mhúinteoir bunscoile agus iar-bhunscoile nuacháilithe in Ionaid Oideachais.
 
Ag tabhairt aitheantais don tábhacht a bhaineann le leanúntas oideachas múinteoirí, tugann an Clár Náisiúnta don Ionduchtú faoi chultúr foghlama ar feadh an tsaoil a fhorbairt sa ghairm agus faoi chur le stádas na gairme.  Cé nach bhfuil sé éigeantach, molann An Chomhairle Mhúinteoireachta go láidir do gach múinteoir nuacháilithe leas a bhaint as an gclár ionduchtaithe agus glacadh go fonnmhar leis na buntáistí a bhaineann leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.
 
Tá leasaithe tagtha ar phróiseas an ionduchtaithe do mhúinteoirí bunscoile i ngeall ar an gclár ionduchtaithe nua (féach Promhadh do Bhunmhúinteoirí).
 
 
Céard atá i gceist leis an gclár ionduchtaithe?
 
Tá sé i gceist leis an gClár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí go gcuirfí tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí nuacháilithe agus iad ag aistriú go ráthúil ón oideachas tosaigh do mhúinteoirí chuig an obair ar scoil.  Ag tógáil ar an eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a ndearnadh forbairt orthu ag tréimhse oideachas tosaigh an mhúinteora, cuirfidh an t-ionduchtú tacaíocht agus comhairle ghairmiúil ar fáíl do mhúinteoirí nuacháilithe.
 
Clúdaíonn na modúil: féiniúlacht ghairmiúil a fhorbairt; polasaithe agus pleanáil scoile; bainistíocht agus eagrú ranga; measúnú, taifeadadh agus tuairisciú ar chur chun cinn daltaí; riachtanais speisialta oideachais; obair le tuismitheoirí; forbairt mar mhúinteoir gairmiúil.  
 
Bíonn na cláir á chur chun cinn ag sainchomhairleoirí meantóireachta agus is féidir iad a chur i láthair ar bhealaí éagsúla ar a n-áirítear seisiúin duine le duine, ceardlanna agus seimineáir, tacaíocht ar líne agus grúpaí féinchabhracha.
 
Tá an t-eolas iomlán ar an gClár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí ar fáil mar seo:
 
 
Cé atá i dteideal freastal ar chlár ionduchtaithe?
Tá an clár ionduchtaithe ar fáil don uile mhúinteoir nuacháilithe a bhfuil clárú coinníollach faighte acu ón gComhairle Mhúinteoireachta.
 
Conas mar is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le d’Ionad Oideachais Áitiúil. Féach www.ateci.ie do liosta na nIonad Oideachas.
 
Ba chóir aon rud a bhaineann le hionduchtú a chur faoi bhráid ionad oideachais áitiúil an mhúinteora. Níl aon ról faoi láthair ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir leis an ionduchtú a riaradh.
 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords