Promhadh do Mhúinteoirí Bunscoile

PROMHADH DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE (Montessori agus catagóirí eile san áireamh)
 
Éilíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta go gcomhlánfaidh gach múinteoir bunscoile tréimhse promhaidh ionas gur féidir leo clárú iomlán (clárú gan coinníollacha) a bhaint amach.
 
Sa tréimhse go dtí 2012 nuair a chuirfear tús leis na próisis promhaidh agus ionduchtaithe go díreach faoi choimirce na Comhairle Comhairle Múinteoireachta, tá leasú déanta ar phróiseas promhaidh na cigireachta, a bhí ag feidhmiú ag an gCigireacht i mbunscoileanna go dtí seo, i ngeall ar an soláthar ar Chlár Ionduchtaithe Náisiúnta do Mhúinteoirí.
 
Tá cur síos in Imlitir na Roinne Oideachais agus Scileanna 0058/2010, a foilsíodh i Mí Mheán Fómhair 2010, ar na socruithe leasaithe don phromhadh i leith an chláraithe mar mhúinteoir bunscoile leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
 
I gcomhthéacs an chláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, leanfaidh Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna ar mheastóireacht a dhéanamh ar inniúlacht ghairmiúil múinteoirí chun eolas a sholáthar do chinntí na Comhairle Múinteoireachta maidir le coinníoll an phromhaidh a bhaint ó chlárú bunmhúinteoirí.
 
 
 
Promhadh do bhunmhúinteoirí atá nuacháilithe in Éirinn
 
Chun lánchlárú a bhaint amach, caithfidh gach bunmhúinteoir nuacháilithe a cháiligh sa Stát tréimhse promhaidh a chomhlánú.  Déantar lánchlárú a dheimhniú nuair a chuireann múinteoir in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta go mbíonn próiseas an phromhaidh comhlánaithe go sásúil.
 
Tá cur síos iomlán ar an bpróiseas promhaidh in Imlitir 0058/2010 ón Roinn Oideachais agus Scileanna.  Clúdaíonn an próiseas íosmhéid riachtanas seirbhíse teagaisc (170 lá) agus cuairteanna ócáidiúla ó Chigire ón Roinn Oideachais agus Scileanna, a ullmhóidh tuairisc ar oiriúnacht an mhúinteora.
 
Caithfidh múinteoirí a thosaigh sa tseirbhís ar nó i ndiaidh Meán Fómhair 2010 a chur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta nuair a bhíonn an Tréimhse Promhaidh comhlánaithe go sásúil acu trí Fhoirm C a chur isteach. Gliogáil anseo chun íoslódáil a dhéanamh ar Fhoirm C.
 
 
Promhadh do mhúinteoirí a cháiligh lasmuigh d’Éireann
Ba chóir do dhaoine a bheidh ag tosú ar chlár oideachas tosaigh muinteoirí lasmuigh d’Éireann ach laistigh den AE/LEE ó 1 Eanáir 2011 an nóta tábhachtach seo a léamh.
 
Faoi láthair, caithfidh gach múinteoir a cháiligh lasmuigh d’Éireann, agus ar mian leo lánchlárú a fháil leis an gComhairle Mhúinteoireachta, tréimhse promhaidh a chomhlánú.  Beidh eisceacht i gceist d’iarratasóir don chlárú a mbíonn tréimhse ionduchtaithe/promhaidh comhlíonta aige/aici sa Stát inar cháiligh sé/sí.  Beidh ar a leithéid d’iarratasóir fianaise a sholáthar don Chomhairle maidir le tréimhse shásúil ionduchtaithe /promhaidh a chomhlánú thar lear. Ní féidir tús a chur leis an dtréimhse promhaidh ach nuair a bhíonn coinníollacha uile eile an chláraithe comhlíonta, mar shampla Riachtanas na Gaeilge (féach Clárúchán le Coinníollacha).
 
Fógra Tábhachtach do dhaoine a bheidh ag tosú in oideachas tosaigh múinteoirí lasmuigh d’Éireann agus laistigh den LEE ó 1 Eanáir 2011
 
Nósanna imeachta leasaithe do chlárú múinteoirí faoi Threoir na Comhairle 2005/36/AE (Tíortha LEE) in Éirinn
Ó 1 Eanáir 2011, beidh ar dhaoine a bheidh ag tosú ar chlár oideachas tosaigh múinteoirí lasmuigh d’Éireann agus ar mian leo clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi na cearta soghluaiseachta (d’oibrithe) i dTreoir na Comhairle 2005/36/AE (Tíortha LEE ), lánchlárú a bheith acu ón tír inar chríochnaigh siad an t-oideachas tosaigh múinteorí. D’fhéadfadh go gclúdódh lánchlárú tréimhse ionduchtaithe agus/nó promhaidh sa tír sin.  I ndáiríre, má bhíonn promhadh/ionduchtú mar riachtanas chun lánchlárú a fháil sa Stát sin, ní éireoidh le múinteoir cearta soghluaiseachta a fháil faoi théarmaí na Treorach go dtí go ndéantar an riachtanas sin a shásamh.  Go hiondúil, beidh díolúine ag a leithéid de mhúinteoir ón tréimhse promhaidh in Éirinn.  Ó Mheán Fómhair 2010, tá An Chomhairle Mhúinteoireachta anois mar an comhlacht a dhéanann iarratais do dhíolúintí ón bpromhadh a phróiseáil.
 
 
  • Cáilitheacht
  • Iarratas ar phromhadh
  • Riachtanais don phromhadh
  • Conas an promhadh mar choinníoll cláraithe a bhaint
 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords