Cáilíochtaí Oideachas Tosaigh Múinteoirí
Tá liosta thíos de na hInstitiúidí Ardoideachais a sholáthraíonn cláir oideachas tosaigh múinteoirí in Éirinn (bunscoil agus iar-bhunscoil).
Riachtanas céime múinteoirí iar-bhunscoile
Le bheith incháilithe don Dioplóma Iarchéime san Oideachas/Ard-Dioplóma san Oideachas (iar-bhunscoil) caithfidh iarratasóirí céim oiriúnach tríú-leibhéal a ghnóthú atá inghlactha ag an gComhairle Mhúinteoireachta don mhúinteoireacht ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais d’fháil, liosta na gcáiliochtaí ábhartha céime san áireamh.
Riachtanais iontrála
Leagan an Roinn Oideachais agus Scileanna amach na riachtanais iontrála don oideachas tosaigh múinteoirí i gcomhairle leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Tá cur síos ar na riachtanais iontrála d’oideachas tosaigh múinteoirí in Éirinn, mar aon leis an bpróiseas iarratais don iontráil chuig cláir, ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Institiúidí Ardoideachais a bhfuil oideachas tosaigh múinteoirí á sholáthar acu
Bunmhúinteoireacht
Cláir réamhchéime: déantar iarratas tríd an LárOifig Iontrála (CAO) agus déantar an roghnú bunaithe ar chóras pointí an CAO. Ba chóir d’iarratasóirí aibí seiceáil leis an gcoláiste/ollscoil ábhartha maidir leis an gcur chuige ar iarratas.
Cláir iarchéime: déantar cúrsaí oideachas bunscoile a fhógairt sna meáin náisiúnta le sonraí maidir le spriocdháta dúnta agus cur chuige iarratas. Bronntar áiteanna ar an gclár bunaithe ar cháilíochtaí, agallamh agus scrúdú cainte sa Ghaeilge.
Múinteoireacht iar-bhunoideachais
Cláir bunchéime: déantar ábhair acadúla a theagasc ag an am céanna le cláir oideachais agus le cleachtadh múinteoireachta. Déantar an t-iarratas tríd an LárOifig Iontrála (CAO) agus déantar an roghnú bunaithe ar chóras pointí an CAO.
Cláir iar-chéime: déantar an t-iarratas tríd an Lárionad Iarratas Iarchéime (PAC), an córas iarratas lárionaid do choláistí NUI agus d’Ollscoil Chathair Átha Cliath. D’institiúidí eile, déantar an t-iarratas go díreach chuig an institiúid ar leith.