Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta Triail Inniúlachta ar Stair agus Struchtúr Chóras Oideachais na hÉireann a riar faoi dhó sa bhliain chun freastal ar dhaoine a cláraítear faoi Rialachán a Ceathair de Rialacháin [Clárúchán] na Comhairle Múinteoireachta 2009 leis an gcoinníoll go léiríonn siad leibhéal sásúil eolais agus tuisceana ar an ábhar. Is cúrsa éigeantach é an cúrsa seo ar gach clár d'oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile in Éirinn atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta.
Caithfear rogha a sholáthar faoi théarmaí Treorach AE 2005/36/EC idir Triail Inniúlachta agus Tréimhse Oiriúnaithe d’iarratasóirí don chlárúchán ar gá dóibh an coinníoll/an t-easnamh seo a shásamh. Clúdaíonn an triail riachtanas na Trialach Inniúlachta.
Tugann an Meamram Míniúcháin eolas faoin dtriail inniúlachta, faoin scéim marcála mar aon le ceisteanna samplacha. Gliogáil anseo chun íoslódáil a dhéanamh ar an meamram.
An chéad Triail Inniúlachta eile
Dáta: Satharn, 16 Samhain 2013
Am: 11.00am - 1.00pm
Ionad: Loftus Láir, An Campas Theas, Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara
Áirithint: Is é an spriocdháta d’áirithintí ná 1 Samhain 2013.
Déan, le do thoil, d’áit a chur in áirithe trí ríomhphost a chur chuig
historyandstructure@teachingcouncil.ie agus tú ag tabhairt d’ainm, do sheoladh agus d’Uimhir Mheasúnaithe ar Cháilíochtaí (m.sh. RS1234), nó d’Uimhir Chláraithe don Chomhairle Mhúinteoireachta. É sin nó is féidir d’áit a chur in áirithe trí ghlaoch fóin a chur ar +353 (0)1 651 7904 nó ar Íosghlao 1890 224 224.