Tá eolas á sholáthar i gciorclán na Roinne Oideachais agus Scileanna 0003/2012 faoi athbhreithniú réimse liúntas, liúntais do cháilíochtaí múinteoirí san áireamh, faoi dheireadh mhí Feabhra 2012., Tá a fhios ag an gComhairle go rímhaith, mar an comhlacht rialála don mhúinteoireacht, nach bhfuil aon ról aici i leith téarmaí agus coinníollacha na fostaíochta. Tá, mar sin féin, ról suntasach aici i gcur chun cinn na múinteoireachta mar ghairm, i bhforbairt ghairmiúil na múinteoirí a chur chun cinn agus i gcothabháil agus i bhfeabhsú chaighdeán na múinteoireachta sa stát. Mar sin, tá sé seo ag baint go dlúth le hábhar ar go leor bealaí agus is sa chomhthéacs sin atá freagra don Aire Oideachais agus Scileanna á dhréachtú. Leagfaidh an freagra sin béim ar an ngá atá le tarraingteacht na múinteoireachta mar rogha gairme a chothabháil agus le rannpháirtíocht a ghlacadh i bhforbairt ghairmiúil leanúnach, a mbeidh sé mar chúram uirthi breathnú i gcónaí ar ghairm na múinteoireachta mar rogha gairme tarraingteach agus ar dhreasú fhorbairt ghairmiúil leanúnach.