Tá feidhmeanna na Comhairle maidir leis an fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) do mhúinteoirí leagtha amach in Ailt 7(2)(h) agus 39 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001. Déantar foráil anseo go ndéanfaidh an Chomhairle “comhairle a chur ar an Aire maidir leis…an fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí”.
Faoin Acht, déanann an Chomhairle an fhorbairt seo a chur chun cinn agus déanann sí taighde ar an réimse seo. Spreagann sí tuiscint i mbuntáistí FGL, i measc an phobail agus i measc ghairm na múinteoireachta araon. Déanann an Chomhairle cláir ábhartha a athbhreithniú agus a chreidiúnú. Déanann sí feidhmeanna ábhartha eile, de réir mar a dháileann an tAire iad, a chomhlíonadh.
Cé nach bhfuil tús curtha ag an Aire Oideachais agus Scileanna leis go fóill, tá fianaise le fáil ar thiomantas na Comhairle d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí thar a feidhmeanna go léir. Is réimse ábhartha ar leith iad a scéimeanna sparántachta taighde.
Tá eolas breise maidir le polasaí na Comhairle ar an FGL ar fáil ina Polasaí don Leanúntas in Oideachas Múinteoirí.
Gliogáil anseo don Pholasaí don Leanúntas in Oideachas Múinteoirí.