Iontráil chuig Oideachas Tosaigh Múinteoirí

Tá cur síos ar na riachtanais iontrála don oideachas tosaigh múinteoirí in Éirinn, mar aon leis an bpróiseas don iontráil ar chláir, ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Le bheith incháilithe don Dioplóma Iarchéíme san Oideachas (iar-bhunleibhéal) caithfidh iarratasóirí céim tríú leibhéal a bheith acu a bhíonn, dar leis an gComhairle Mhúinteoireachta, oiriúnach don teagasc ag an iar-bhunleibhéal. Tá tuilleadh eolais, liosta na gcáilíochtaí ábhartha san áireamh, ar fáil anseo.

Tá tacaíocht tugtha ag an gComhairle d’fhoilseachán ar leabhar comhairle gairme ar an Múinteoireacht agus Oideachas in Éirinn. Clúdaíonn an leabhrán, atá foilsithe ag GradIreland, comhairle ar cháilíochtaí múinteoireachta, bealaí iontrála chuig gairm na múinteoireachta, na cineálacha ról múinteoireachta atá ar fáil, agus próifílí gairme. Is féidir an leabhrán a íoslódáil ó gradireland.com.
 

Athbhreithniú ar Riachtanais Iontrála

I mí an Mheithimh 2011, d’fhoilsigh an Chomhairle doiciméad dar teideal Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte do Sholáthróirí Clár. Mar chuid den doiciméad sin tá moladh a bhaineann le híosriachtanais iontrála athbhreithnithe, mar atá leagtha amach. Tá sé i gceist ag an gComhairle tús a chur le próiseas comhairliúcháin faoi na moltaí sa dara ceathrú de 2012. Ag an bpointe sin, déanfar an leathanach seo a uasdátú agus tabharfar cuireadh do na páirtithe leasmhara uile aischothú a sholáthar. Tabharfaidh an Chomhairle aird ar an aischothú uile sula nglacfar le riachtanais iontrála athbhreithnithe.
 

Sa chás go n-ardófar na riachtanais iontrála reatha, chuirfí riachtanais iontrála nua i láthair in am go leor chun seans a thabhairt dóibh siúd atá ar tí dul isteach san oideachas iar-bhunleibhéal, na roghanna cuí a dhéanamh i dtaca le hábhair agus le leibhéil. Mar aon leis sin, bheadh an Chomhairle páirteach i bhfeachtas cumarsáide chun deimhin a dhéanamh de go mbeadh scoláirí agus a dtuismitheoirí, a gcuid gairmthreoraithe agus daoine eile a bhfuil suim acu i ngairm na múinteoireachta, ar an eolas faoi na riachtanas nua.
 

Oideachas BunmhúinteoraOideachas Iar-bhunmhúinteora
Íosriachtanais Iontrála atá beartaithe (faoi réir réamhchomhailrliúcháin)

Leibhéil Ardteistiméireachta atá molta:


  • Mata: A1 Gnáthleibhéal nó C3 Ardleibhéal
  • Béarla: B1 Ardleibhéal
  • Gaeilge: B1 Ardleibhéal

 

Iarchéim: Sainchritéir ghinearálta agus ábhar a shásamh sa bhfochéim, mar atá leagtha amach ag an gComhairle Mhúinteoireachta.


Comhthráthacht: Íosleibhéal Ardteistiméireachta, nó a chomhionann, in ábha(i)r a bhfuil staidéar á ndéanamh orthu d’oideachas múinteoirí, le leagan amach ag Institiúidí Ardoideachais.
 

Riachtanais atá molta i dtaca le hiarrthóirí lánfhásta:


I gcásanna go bhfuil sé thar 5 bliana ó chríochnaigh an t-iarrthóir an Ardteistiméireacht, bheadh air/uirthi a thaispeáint go bhfuil sé/sí:

 

  • inniúil i litearthacht (Béarla) agus in uimhearthacht trí Thástáil Iontrála a dhéanamh
  • inniúil sa Ghaeilge trí Scrúdú Iontrála Gaeilge a dhéanamh.
     

 

Riachtanais atá molta i dtaca le hiarrthóirí lánfhásta:


I gcásanna go bhfuil sé thar 5 bliana ó chríochnaigh an t-iarrthóir an Ardteistiméireacht, bheadh air/uirthi a thaispeáint go bhfuil sé/sí:

 

  • inniúil i litearthacht (Béarla) agus in uimhearthacht trí Thástáil Iontrála a dhéanamh
  • inniúil sa Ghaeilge trí Scrúdú Iontrála Gaeilge a dhéanamh (do na hiarrthóirí siúd a bheadh ag múineadh Gaeilge).

     


 

 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords